Tiománaí veain gortaithe go dona i dtimpiste bhóthair i dTiobraid Árann

Tharla an timpiste – inar bhain feithicil amháin, veain, – thart ar 1.30 r.n.placeholder image
Tharla an timpiste – inar bhain feithicil amháin, veain, – thart ar 1.30 r.n. | Grianghraf cartlainne

Tharla an eachtra ar an N76 ag Poulacapple East go luath maidin Dé Sathairn

Tá na Gardaí ag lorg finnéithe i ndiaidh timpiste bhóthair thromchúisí ar an N76 ag Poulacapple East, i gContae Thiobraid Árann, go luath maidin Dé Sathairn, an 28 Samhain 2026.

Tharla an timpiste – inar bhain feithicil amháin, veain, – thart ar 1.30 r.n.

De réir na nGardaí, tugadh tiománaí na veaine, fear atá sna tríochaidí, chuig Ospidéal Naomh Lúcás i gCill Chainnigh in otharcharr; tá sé á chóireáil ansin mar gheall ar ghortuithe tromchúiseacha.

Dúnadh an bóthar ar feadh roinnt uaireanta an chloig maidin Dé Sathairn chun go bhféadfadh Imscrúdaitheoirí Fóiréinseacha Timpistí de chuid na nGardaí scrúdú teicniúil a dhéanamh.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina fhinné ar an timpiste teagmháil a dhéanamh leo.

Tá siad ag iarraidh go háirithe ar dhaoine a bhí ag taisteal ar an N76 idir Callainn agus Grangemockler go luath maidin Dé Sathairn, an 28 Samhain 2026, agus a bhfuil píosaí scannáin acu – lena n-áirítear taifeadtaí ó cheamaraí feithicle – teagmháil a dhéanamh leo.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas aige teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Chluain Meala ar 052 617 7640, leis an Líne Rúnda Gardaí ar 1800 666 111, nó le haon Stáisiún Gardaí eile.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice