Joe Mag Raollaigh ceaptha ina Eagarthóir Bainistíochta nua ar Nuacht ag Nuacht RTÉ


Is é Joe Mag Raollaigh an tEagarthóir faoi láthair ar Chlúdach Polaitíochta RTÉ, agus bhí sé ina Chomhfhreagraí Talmhaíochta agus Gnóthaí Tomhaltóirí roimhe seo.
Tá ríméad ar Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Joe Mag Raollaigh ceaptha ina Eagarthóir Bainistíochta nua ar Nuacht, an tseirbhís Nuachta agus Cúrsaí Reatha Gaeilge a chuirtear ar fáil ar fud RTÉ agus do TG4.
Mar an eagraíocht náisiúnta meán seirbhíse poiblí in Éirinn, oibríonn Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ i gcomhpháirtíocht le TG4 chun Nuacht TG4 agus 7 Lá a léiriú, i gcomhréir leis an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha ilardáin atá neamhspleách agus iontaofa a chuirimid ar fáil.
Beidh freagracht eagarthóireachta agus bhainistíochta ar Joe, ar cainteoir líofa Gaeilge é, as gach aschur teilifíse ar Nuacht RTÉ, Nuacht TG4 agus as an ábhar nuachta digiteach i nGaeilge ar ardáin Nuacht RTÉ.
Thosaigh Joe ag tuairisciú ar an teilifís do TG4 nuair a bunaíodh an stáisiún ar dtús in 1996. Ceapadh ina Chomhfhreagraí Polaitíochta ina dhiaidh sin é do TG4 agus do Nuacht RTÉ in 2004.
Is é Joe an tEagarthóir faoi láthair ar Chlúdach Polaitíochta RTÉ, agus bhí sé ina Chomhfhreagraí Talmhaíochta agus Gnóthaí Tomhaltóirí roimhe seo.
Tá eagarthóireacht déanta aige ar phríomhchlár polaitíochta RTÉ, The Week in Politics, agus ar chláir Leaders Questions agus European Parliament Report RTÉ. Tá sé ag obair le Nuacht RTÉ ar an raidió, ar an teilifís agus ar líne ó 2008 agus d’fhan sé ag cur tuairiscí Gaeilge ar fáil do Nuacht TG4 le linn na tréimhse sin chomh maith le clár cúrsaí reatha a chur i láthair in amanna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt Joe Mag Raollaigh: “Is mór an onóir dom a bheith ceaptha chun ceannaireacht a thabhairt ar gach aschur de chuid Nuacht ar RTÉ agus ar TG4 agus an t-aschur sin a fheabhsú. Beidh sé mar sprioc agam a chinntiú go gcuirfear an tuairiscíocht neamhchlaonta, chothrom ar an gcaighdeán is airde ar fáil do chainteoirí Gaeilge, ionas go mbeidh an t-eolas ceart acu lena mbreithiúnas féin a thabhairt ar na saincheisteanna sin a mbíonn tionchar acu ar gach duine againn.
“Agus mé i mbun na hoibre sin, beidh mé i gceannas ar fhoireann iriseoirí agus léirithe, foireann a bhfuil ardtaithí aici agus a bhfuil ardmheas uirthi, nach bhfuil a sárú le fáil maidir leis an eolas agus an tuiscint atá acu ar chúrsaí nuachta. Is iad na tosaíochtaí a bheidh agam agus mé ag glacadh leis an ról tábhachtach seo na scéalta móra a bhriseadh ar dtús, an lucht féachana a fhorbairt agus Nuacht a dhéanamh níos inrochtana."
LÉIGH AR AGHAIDH: Téann an craoltóir Áine Lawlor ar scor ó RTÉ tar éis 42 bliain
Is as Órán Mór i gCo. na Gaillimhe Joe. Rugadh i mBostún é, áit a ndeachaigh a chuid tuismitheoirí ar imirce sna 1960idí. D'fhill an teaghlach ag tús na 70idí agus chuir siad fúthu arís i gCo. na Gaillimhe. Tá BA, Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach agus Céim Mháistreachta aige sa Nua-Ghaeilge.
Tá cúrsaí éagsúla Bainistíochta agus Ceannaireachta curtha i gcrích aige le Foras Bainistíochta na hÉireann, Acadamh Gairmiúil UCD, agus tá taithí 30 bliain aige ag obair le RTÉ.
Cuirfidh Joe tús lena ról nua i mí Lúnasa.