Deimhnithe: Pleananna do chóras nua rabhaidh aimsire áitiúil


Cuirfidh an córas nua ar chumas Met Éireann rabhaidh aimsire a eisiúint ar leibhéal faoi bhun an chontae, seachas an rabhadh céanna a chur i bhfeidhm ar chontae iomlán
Tá sé deimhnithe ag an Rialtas go mbeidh córas nua rabhaidh aimsire áitiúil i mbun oibre roimh thús an chéad séasúir stoirme eile.
Tháinig an t-eolas faoin amlíne chun solais sa Dáil tar éis do Joe Cooney, Teachta Dála de chuid Fine Gael do Chontae an Chláir, imní a léiriú faoi mhoill ar thabhairt isteach an chórais.
Thug an tAire Stáit Thomas Byrne an gealltanas sin mar fhreagra ar an Teachta Cooney, a d’fhiafraigh cén fáth ar cuireadh an córas nua – a bhí le tabhairt isteach faoi dheireadh na bliana 2026 ar dtús – ar athló go dtí an bhliain seo chugainn.
Leis an gcóras nua, beidh ar chumas Met Éireann rabhaidh aimsire a eisiúint ar leibhéal níos mionchruinne ná an contae ina iomláine; faoin gcóras reatha, eisítear an rabhadh céanna don chontae ar fad.
Ag freagairt don Teachta Cooney, dúirt an tUasal Byrne go bhfuil an córas ar an mbóthar ceart chun a bheith réidh roimh an gcéad séasúr stoirme eile.
Dheimhnigh sé go bhfuil an obair fhorbartha theicniúil déanta cheana féin, agus go bhfuil taighde neamhspleách á dhéanamh ag Met Éireann – lena n-áirítear grúpaí fócais – chun a chinntiú go dtuigeann an pobal na rabhaidh go soiléir.
Chuir an Teachta Cooney in iúl go raibh imní air go leanfadh daoine orthu ag brath ar chóras nach léiríonn i gcónaí na dálaí aimsire éagsúla a bhíonn i gceist laistigh de chontaetha aonair.
Dúirt an tUasal Byrne go bhfuil oifig réamhaisnéise Met Éireann ag baint úsáide as an gcóras nua cheana féin, mar chuid de chéim réamh-oibríochtúil. Dúirt sé go bhfuil an obair mheasúnaithe atá fágtha riachtanach chun a chinntiú go mbeidh an pobal in ann na rabhaidh a léirmhíniú i gceart agus cinntí eolasacha a dhéanamh le linn drochaimsire.
Dúirt sé freisin nach dtabharfaí athruithe móra ar chórais náisiúnta rabhaidh aimsire isteach le linn an gheimhridh, mar go bhféadfadh mearbhall teacht chun cinn ag am a d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach don tseirbhís freagairt a thabhairt ar dhrochaimsir shuntasach.
Dúirt an Teachta Cooney go mbíonn daoine ag brath ar rabhaidh Met Éireann agus cinntí á ndéanamh acu maidir le taisteal, cosaint a dtithe agus a ngnólachtaí, agus obair lasmuigh.
Dúirt sé go bhfuil an córas nua thar a bheith tábhachtach do phobail thuaithe agus don earnáil talmhaíochta, áit ar féidir le dálaí aimsire áitiúla tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí laethúla.
Ag labhairt dó sa Dáil, d’iarr sé ar an Rialtas a chinntiú go gcríochnófar an obair laistigh den amlíne a leag an tAire Stáit amach, agus nach mbeidh aon mhoill bhreise ann.