Cuireann Ed Sheeran tionscadal ceoil trasteorann do dhaoine óga ar bun


Seolfar an tionscadal North South Sounds 2026 ag an bhFleadh i mBéal Feirste Dé Luain.
Tá Ed Sheeran ag seoladh tionscadal ceoil trasteorann do pháistí agus do dhaoine óga i gCorcaigh agus i mBéal Feirste.
Díreoidh an tionscadal *North South Sounds 2026* ar chumadóireacht amhrán, ar léirithe agus ar rannpháirtíocht an phobail – ag spreagadh ceoltóirí óga chun tionchair agus seánraí éagsúla a chumasc.
Beidh an tionscadal, a chuimsíonn campaí samhraidh (gan lóistín) agus ceolchoirmeacha faoi stiúir ceoltóirí óga i gcathair Chorcaí agus i mBéal Feirste, ar siúl go dtí mí na Nollag.
“Tá an-áthas orm Fondúireacht Ed Sheeran a thabhairt go hÉirinn,” a dúirt Sheeran.
“Chaith mé neart ama sa tír thar na blianta.
“Ós rud é go bhfuil fréamhacha teaghlaigh agam ann, is áit í a bhí i gcónaí speisialta dom.
“Ba cheart go mbeadh deis ag gach páiste ceol a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh ann, agus táimid ag leanúint lenár gcuid oibre chun cabhrú leis sin a chur i gcrích. Cuirfear tús leis an gcéad tionscadal ag an bhFleadh Dé Luain.
“Sheinn mé ag an bhféile anuraidh agus tá cuimhní an-deasa agam uirthi.
“Má bhíonn sibh ann, téigí ag breathnú ar chuid den tallann óg iontach atá ann.”
Is comhoibriú é an tionscadal idir Fondúireacht Ed Sheeran (ESF) agus oideachasóirí ó *Music Generation Cork City* agus an *Oh Yeah Centre*.
Seolfar an tionscadal le léirithe ag 50 duine óg ag Fleadh Cheoil na hÉireann ar an 3 Lúnasa i Halla na Cathrach i mBéal Feirste.
Sheinn Sheeran i gcuideachta ealaíontóirí áitiúla ag an bhféile ceoil traidisiúnta anuraidh i dteach tábhairne *The Sky and The Ground* i gContae Loch Garman.