Caisleán Bhaile Átha Troim le dúnadh le haghaidh oibreacha 'riachtanacha'

Tá sé fógartha ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go ndúnfar Caisleán Bhaile Átha Troim do chuairteoirí ón 1 Samhain 2026.placeholder image
Tá sé fógartha ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go ndúnfar Caisleán Bhaile Átha Troim do chuairteoirí ón 1 Samhain 2026. | OPW

Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha seo críochnaithe faoi dheireadh mhí an Mhárta 2027

Tá sé fógartha ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go ndúnfar Caisleán Bhaile Átha Troim do chuairteoirí ón 1 Samhain 2026 ar aghaidh chun oibreacha riachtanacha meicniúla agus leictreacha a dhéanamh, lena n-áirítear athshreangú an chaisleáin.

Deirtear go bhfuil na hoibreacha riachtanacha sin ag teastáil chun tacú le hoibriú sábháilte leanúnach an chaisleáin agus lena chosaint san fhadtéarma.

Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha seo críochnaithe faoi dheireadh mhí an Mhárta 2027.

Tá sé beartaithe go mbeidh ról suntasach ag Caisleán Bhaile Átha Troim i gclár na hÉireann do ‘Bhliain Eorpach na Normannach 2027’, a chuirfidh béim ar oidhreacht shaibhir Normannach na hÉireann agus ar oidhreacht bhuan na tréimhse sin ar fud bhailte, chaisleáin agus shéadchomharthaí stairiúla na tíre.

Tá clár gníomhaíochta níos leithne á fhorbairt ag an OPW dá láithreáin oidhreachta mar chuid den bhliain sin, agus beidh Caisleán Bhaile Átha Troim – ceann de na séadchomharthaí Angla-Normannacha is tábhachtaí in Éirinn – ina phríomhláithreán sa chlár sin.

Ag trácht dó ar an bhfógra, dúirt an tAire Stáit do Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin ‘Boxer’ Moran: “Tá Caisleán Bhaile Átha Troim ar cheann de na séadchomharthaí meánaoiseacha is tábhachtaí in Éirinn agus is sampla den scoth é den oidhreacht Normannach a mhúnlaigh cuid mhór dár dtírdhreach stairiúil.

"Tá na hoibreacha riachtanacha a thosóidh i mí na Samhna tábhachtach chun a chinntiú go leanfar ag oibriú an chaisleáin go sábháilte agus á chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Táim ag tnúth le filleadh in Earrach na bliana 2027 chun an caisleán a athoscailt agus muid ag ceiliúradh Bhliain Eorpach na Normannach 2027."

Chuir an tUasal Moran fáilte freisin roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le tionscadal Ionad Cuairteoirí Chaisleán Bhaile Átha Troim.

"Agus comhairleoirí léirmhínithe ceaptha anois agus an tionscadal ag bogadh i dtreo na céime tairisceana." "Táim ag tnúth le dul chun cinn suntasach ag Caisleán Bhaile Átha Troim in 2027 ar gach gné," a dúradh.

D’fhógair an OPW freisin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar thionscadal Ionad Cuairteoirí Chaisleán Bhaile Átha Troim; cuirfidh an tionscadal seo áis thiomnaithe ar fáil do chuairteoirí ag an Market House stairiúil, atá suite in aice leis an gcaisleán. Ceapadh comhairleoirí i mí Mheán Fómhair 2026 chun an léirmhíniú agus an taithí do chuairteoirí a dhearadh don áis nua.

Ina theannta sin, foilseoidh an OPW fógraí réamhcháilithe go luath chun gearrliosta de chonraitheoirí a ullmhú don phríomhthionscadal tógála. Táthar ag súil faoi láthair go gcuirfear tús leis na hoibreacha i samhradh na bliana 2027.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice