Beirt marbh i ndiaidh timpistí bóthair ar leithligh go moch ar maidin

Tharla na heachtraí marfacha i gContaetha na Mí agus Thiobraid Árannplaceholder image
Tharla na heachtraí marfacha i gContaetha na Mí agus Thiobraid Árann

Tharla na heachtraí marfacha i gContaetha na Mí agus Thiobraid Árann

Tá Gardaí ag lorg finnéithe tar éis do bheirt bás a fháil i dtimpistí bóthair ar leithligh go moch Dé Domhnaigh.

Tharla an chéad eachtra, ina raibh gluaisteán agus scútar leictreach páirteach, thart ar 1:45am ar Bhóthar Kentstown, An Uaimh, Co. na Mí.

"Fógraíodh go raibh tiománaí an scútair leictreach, fear anaithnid, marbh ag an láthair. Tugadh a chorp chuig an Marbhlann in Ospidéal Mhuire, An Uaimh," a dúirt urlabhraí Gardaí.

Níor gortaíodh tiománaí an ghluaisteáin, fear ina 60idí, agus paisinéir fireann, ina 20idí.

Ar leithligh, tá finnéithe á lorg tar éis eachtra aonfheithicle a tharla ar an L4101 ag Lanespark, Baile Uí Niontaí, Durlas, Co. Thiobraid Árann ag thart ar 3:45am.

Sa chás seo, fógraíodh go raibh tiománaí an ghluaisteáin, déagóir fireann fásta, marbh ag an láthair.

"Aistríodh a chorp go hOspidéal Ollscoile Phort Láirge áit a ndéanfar scrúdú iarbháis go luath. Tá an Cróinéir curtha ar an eolas," a dúirt urlabhraí na nGardaí.

Tá scrúduithe fóiréinseacha agus teicniúla ar siúl ag an dá láthair agus tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic ceachtar imbhualadh teacht chun cinn.

Iarrtar ar thiománaithe a bhfuil físeáin ceamara dash acu an físeán a chur ar fáil do na Gardaí.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice