Search

29 Sep 2025

Ardú do theaghlaigh Ghaeltachta agus do choláistí cónaithe i measc an fhóirdheontais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD an fógra le linn cuairte ar Choláiste Mhuigheo, áit ar bhuail sé le mná tí, múinteoirí, daltaí agus baill foirne eile

Ardú do theaghlaigh Ghaeltachta agus do choláistí cónaithe i measc an fhóirdheontais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Beidh ardú €1.50 ó €13 go €14.50 ar an bhfóirdheontas a íoctar de ghnáth faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne le theaghlaigh atá aitheanta faoin scéim

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD go bhfuil ardú ceadaithe aige ar na fóirdheontais atá iníoctha le teaghlaigh Ghaeltachta agus coláistí cónaithe a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge.

Rinne an tAire an fógra le linn cuairte ar Choláiste Mhuigheo, áit ar bhuail sé le mná tí, múinteoirí, daltaí agus baill foirne eile.

Beidh ardú €1.50 ó €13 go €14.50 ar an bhfóirdheontas a íoctar de ghnáth faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne le theaghlaigh atá aitheanta faoin scéim.

Anuas air sin, beidh ardú €1 ó €9.50 go €10.50 ar an deontas a íoctar leis na brúnna/coláistí cónaithe atá aitheanta chun lóistín a sholáthar faoin scéim.

Bainfidh os cionn 500 teaghlach ó cheann ceann na Gaeltachta atá cláraithe leis an Roinn faoin scéim leas as an ardú le héifeacht ó thús na gcúrsaí samhraidh 2025  ar 31 Bealtaine 2025.

LÉIGH AR AGHAIDH: Cuairteoirí Center Parcs Ireland ag díol pasanna lae ar Facebook i measc rabhaidh ghéa

Tagann an t-ardú sna sála ar ardú de bheagnach 30% ar an ráta fóirdheontas atá iníoctha le teaghlaigh agus an méadú 90% i gcomhthéacs na coláistí cónaithe agus brúnna, ó 2022 i leith.

Anuas ar na hardaithe seo, tá ardú ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi dhá scéim eile de chuid na Roinne,  Scéim Oileánda (ÁRAINN) Gaeltachta faoina dtugtar deis do scoláirí scoilbhliain iomlán a chaitheamh ar cheann de na trí oileán Árainn agus an Scéim ERASMUS Gaeltachta faoina dtugtar deis do mhic léinn tríú leibhéil seimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Is é cuspóir foriomlán an bheartais seo atá fógartha tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht de réir cuspóirí na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Tugann an tábla thíos briseadh síos ar na hardaithe:

Dúirt an tAire Calleary: "Tá tábhacht faoi leith ag Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge don Ghaeilge agus do gheilleagar na Gaeltachta araon agus í ar an scéim is sine atá á riar ag mo Roinn. Is iad na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil atá mar chnámh droma na scéime.  Mar aitheantas air sin agus ar an ardú atá tagtha ar na costais a thiteann orthu, tá áthas orm an méadú deontais seo a fhógairt a chabhróidh le hós cionn 500 teaghlach. Lena chois sin, cabhróidh an t-ardú leis na coláistí cónaithe agus go deimhin na coláistí ar fad lena gcuid iarrachtaí féin chun teaghlaigh nua a earcú agus a choinneáil.”

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.