Rinne Dara Calleary an fógra le linn cuairte ar Chontae Ros Comáin chun roinnt tionscadal forbartha tuaithe atá maoinithe ag a Roinn a oscailt.
Tá deontais os cionn €17 milliún fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, chun 212 tionscadal pobail a chur i gcrích ar fud na tíre tríd an gCiste Aitheantais Pobail.
Rinne sé an fógra le linn cuairte ar Chontae Ros Comáin chun roinnt tionscadal forbartha tuaithe atá maoinithe ag a Roinn a oscailt.
Seo an tríú fógra faoi thionscadail faoi chiste 2024, agus tabharfaidh sé buntáistí follasacha do phobail ar fud na tíre a chuir fáilte roimh dhaoine nua le blianta beaga anuas ina gcathracha, ina mbailte agus ina sráidbhailte.
San áireamh sa liosta de 212 tionscadal a fógraíodh inniu tá oibreacha feabhsúcháin ar ionaid phobail, raon leathan áiseanna áineasa, agus ceannach foirgneamh agus tailte le húsáid chomhroinnte ag pobail amach anseo.
Tá soláthar feithiclí pobail agus tionscadail a thacaíonn leis an earnáil ealaíon agus cultúir san áireamh san fhógra freisin.
LÉIGH AR AGHAIDH: Fíneálacha agus pointí pionóis le tabhairt do thiománaithe i bplean nua chun dul i ngleic le mí-úsáid ag crosairí comhréidhe
Seo a leanas cuid de na tionscadail atá á maoiniú:
* Contae Cheatharlach– Baile Cheatharlach: Soláthar cosáin siúil inrochtana agus uasghrádú trealaimh chlós súgartha ag Scoil Speisialta Naomh Lasairian - €160,000
* Contae an Chláir- Bun Raite: Ceannach báid agus deisiúcháin báid do Chuardach agus Tarrtháil Bhun Raite - €86,000
* Contae Dhún na nGall– Carraig: Ceannach láithreáin i lár an tsráidbhaile do Ghrúpa Athghiniúna na Carraige chun spás sibhialta a chruthú - €130,000
* Cathair Bhaile Átha Cliath– Crois Araild: Soilsiú páirce atá ann cheana a athsholáthar ag Club Sacair Óige Chrois Araild - €100,800
* Contae na Gaillimhe- Bearna: Spás áiléir a fhorbairt chun seomraí cruinnithe pobail a chruthú d'Ionad Óige Bhearna/na bhForbacha - €120,000
* Cathair Luimnigh– Bóthar Gharraí Eoin: Cruthú spáis súgartha céadfach ag Scoil Cailíní agus Buachaillí Naomh Eoin - €144,249
* Contae Mhaigh Eo- Béal an Átha: Athsholáthar córais téimh in Ionad Ealaíon Bhéal an Átha - €50,000
* Contae Chill Mhantáin- Na Clocha Liatha: Oibreacha uasghrádaithe ar chlós súgartha an Chaisleáin Nua - €160,000
Agus an fógra maoinithe á dhéanamh aige, dúirt an tAire Calleary: “Tá an-áthas orm fógra breise a dhéanamh faoin gCiste Aitheantais Pobail a chuirfidh leis na 349 tionscadal a fógraíodh roimhe seo faoi scéim 2024. Ciallaíonn an fógra inniu gur bronnadh maoiniú ar bhreis is 1,450 tionscadal anois faoin gCiste Aitheantais Pobail i gceann beagán os cionn dhá bhliain.
“Leanann an Ciste Aitheantais Pobail de thacaíocht a thabhairt do na cathracha, na bailte agus na sráidbhailte a chuir fáilte roimh dhaoine nua ina bpobail le blianta beaga anuas. Chuir an maoiniú seo ar chumas na bpobal a bheith níos cuimsithí agus níos acmhainní trí raon áiseanna pobail agus spásanna pobail a sholáthar agus a fheabhsú.”
Ag labhairt ag an bhfógairt, dúirt an tAire Stáit le freagracht speisialta as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer: "Tá áthas orm faoin bhfógra inniu ina bhfeictear 212 tionscadal eile á dtabhairt chun críche tríd an gCiste Aitheantais Pobail. Infheistíodh €100 milliún sa chiste seo anois i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre agus beidh an difríocht atá déanta ag an maoiniú seo ina fhreastal maith ar na pobail seo ar feadh na mblianta atá le teacht.
“Léiriú ar mhuintir na hÉireann agus ar an ‘meitheal’ sin atá fós mar chuid de chreatlach ár sochaí is í an chaoi ar chuir na pobail seo fáilte roimh dhaoine nua, go mairfidh sé i bhfad.”
Dúirt an tAire Calleary chomh maith: “Ag teacht lenár gClár Rialtais agus ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’, polasaí mo Roinne, táim tiomanta do thacaíochtaí a sholáthar dár bpobail uirbeacha agus tuaithe araon. Tacaíochtaí a chuirfidh ar a gcumas a bheith ina n-áiteanna cuimsitheacha, acmhainneacha agus inbhuanaithe le maireachtáil iontu agus le teaghlach a thógáil, le cuairt a thabhairt orthu agus le sóisialú.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí na ngrúpaí pobail maidir le hiarratais a ullmhú agus a chur isteach faoin gCiste Aitheantais Pobail. Trí bhur gcúram agus bhur bpáisean do bhur bpobail, tá fíorathrú ag tarlú, agus tá bonneagar pobail á fheabhsú agus á fhorbairt níos mó ná riamh. Ag obair le chéile, táimid ag tógáil phobail na todhchaí.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.