Search

06 Sep 2025

Seolann an tAire Dara Calleary Comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2025

I bhfeidhm ó 1958, tá an comórtas, atá á riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta agus urraithe ag SuperValu

Seolann an tAire Dara Calleary Comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2025

Bhí seoladh Bailte Slachtmhara SuperValu 2025 ar siúl i mBaile an Chollaigh, Contae Chorcaí - buaiteoir na bliana seo caite

Tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, in éineacht le Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, an tUasal Luke Hanlon, tar éis comórtas na mBailte Slachtmhara SuperValu 2025 a sheoladh go hoifigiúil.

I bhfeidhm ó 1958, tá an comórtas, atá á riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta agus urraithe ag SuperValu, fós ar cheann de na tionscnaimh inbhuanaithe, comhshaoil ​​agus phobail is aitheanta sa tír.

Ag labhairt dó ag seoladh an chomórtais i mBaile an Chollaigh, dúirt an tAire Calleary ó Chontae Chorcaí: “Tá lúcháir orm a bheith anseo i mBaile an Chollaigh, an Baile is Slachtmhaire in Éirinn in 2024, agus comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu 2025 á sheoladh againn. I mbliana déanaimid ceiliúradh ar 67 bliana den chomórtas iontach seo, a leanann ar aghaidh ag fás bliain i ndiaidh bliana – téann a rath chun sochair dúinn go léir.”

Tá beagnach 1,000 grúpa gníomhach Bailte Slachtmhara ann, agus anuraidh bhí os cionn 900 iontráil ar chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu. Mar thoradh air seo thug breis agus 30,000 oibrí deonach os cionn 1 mhilliún uair an chloig dá gcuid ama, i gcaitheamh na bliana, chun teacht le chéile chun ár bpobail a dhéanamh níos glaine, níos gile agus níos bríomhaire.

LÉIGH Ar Aghaidh: FÓGRA: Rabhadh d’Éireannaigh ar saoire sa Spáinn i measc agóidí ‘fanacht as’

Dúirt an tAire Calleary, chomh maith: “Bhí grúpaí na mBailte Slachtmhara lárnach i dtacú agus i bhfeabhsú chuspóir an rialtais chun a chinntiú go bhfuil bailte inbhuanaithe, acmhainneach agus faoi bhláth mar mhoil ghníomhaíochta tráchtála agus sóisialta. 

“Mholfainn do gach duine teagmháil a dhéanamh lena ngrúpa áitiúil agus obair dheonach a dhéanamh, beidh ionadh oraibh faoi na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann daoibh féin agus do bhur bpobail i gcoitinne.”

“Gabhaim buíochas ar leith lenár n-urraitheoir náisiúnta, Supervalu, atá anois ina 35ú bliain ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas. Bhí SuperValu ina gcomhpháirtithe iontacha ar an aistear seo agus táim ag tnúth le leanúint leis an gcomhpháirtíocht seo sna blianta atá romhainn.

Ag labhairt ag an seoladh inniu, dúirt Luke Hanlon, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu: “Is tráth spreagúil é seoladh chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu do choistí agus d’oibrithe deonacha ar fud na tíre, agus muid ag tnúth leis an méid is féidir a bhaint amach chun cur lenár bpobail sna seachtainí agus sna míonna atá romhainn”.

“Is í an bhliain seo 35ú bliain SuperValu mar urraitheoir bródúil ar an tionscnamh iontach seo, léiriú ar obair dhícheallach na n-oibrithe deonacha agus na Roinne chun fás agus rath leanúnach an tionscnaimh a bhrú chun cinn. Samhlaítear comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu agus SuperValu féin le chéile i gcónaí, a bhuí lenár líonra miondíola neamhspleách ar fud na tíre agus ár dtiomantas fréamhaithe go daingean do thacaíocht a thabhairt do phobail ar leibhéal áitiúil.

Mar mhiondíoltóir pobail, táimid an-bhródúil as a bheith bainteach le Bailte Slachtmhara SuperValu ar feadh bliana eile agus tá ról ríthábhachtach ag ár miondíoltóirí neamhspleácha ag tacú leis an tionscnamh seo agus ag dul i ngleic leis.”

Mar fhocal scoir, ghlabh an tAire Calleary buíochas le hoibrithe deonacha na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre agus ghuigh sé gach rath orthu i gcomórtas 2025. Dúirt an tAire: “Guím gach rath oraibh go léir i gcomórtas 2025. Táim ag súil le hiontrálacha áille na mbailte agus na sráidbhailte a fheiceáil agus bualadh libh ag an searmanas bronnta níos déanaí sa bn7hliain.”

Is é an dáta deiridh chun iontrálacha a fháil do chomórtas na bliana seo ná Dé Luain, an 12 Bealtaine 2025. Tá foirmeacha iontrála do chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu ar fáil ag tidytowns.ie.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.