Search

05 Sep 2025

Maoiniú ceadaithe le haghaidh réamhoibreacha ar Ionad na Gaeilge i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath

Maoiniú de €3.2m ceadaithe ag an Aire Dara Calleary chun tús a chur le hathfhorbairt cheannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

Maoiniú ceadaithe le haghaidh réamhoibreacha ar Ionad na Gaeilge i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary an fógra agus é ag freastal ar Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i Loch Garman

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, agus é ag freastal ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, go bhfuil €3.2m ceadaithe aige d’Oifig na nOibreacha Poiblí chun tús a chur le hathfhorbairt cheanncheathrú Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá sé mar aidhm ag an togra seo, Uimhir 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, a chruthóidh eispéireas dinimiciúil stairiúil don phobal  agus do thurasóirí sa chathair. Tagann an athfhorbairt seo le sprioc an Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 mol teanga agus cultúrtha a fhorbairt i lár na príomhchathrach.  

Is i gcóir réamhoibreacha agus obair pleanála atá deontas an lae inniu ceadaithe ionas go mbeifear réidh le haghaidh tairiscintí a lorg don mhórfhorbairt i 2026. 

Is san ionad seo a bheidh Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Raidió Rí-Rá agus Club Chonradh na Gaeilge lonnaithe. San áireamh sa bhforbairt chomh maith, beidh amharchlann nua agus áiseanna eile a dhéanfaidh freastal ar phobal na Gaeilge agus a mheallfaidh turasóirí le cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh stairiúil seo.  Beidh sé mar acmhainn luachmhar do chur chun cinn na Gaeilge agus d’imeachtaí Gaeilge i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

LÉIGH FRESIN: Réalta RTE, Doireann Garrihy ag caint ar 2FM atá ar iarraidh, conspóidí agus bulaithe ar Late Late Show

Ag labhairt ar an ábhar, dúirt an tAire Calleary: “Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn tábhachtach seo atá déanta i bpróiseas athfhorbairt Uimhir 6 Sráid Fhearchair inniu. Baineann an tionscadal seo le caomhnú foirgnimh a bhfuil tábhacht náisiúnta stairiúil ag baint leis. Ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893, tá ról lárnach ag an eagraíocht in athbheochan na Gaeilge agus in áiseanna cultúrtha a chur ar fáil ar fud na tíre. Ón uair a lonnaigh an Conradh ann in 1966, mheall an foirgneamh seo pobal labhartha na Gaeilge sa chathair chuige le blianta fada anuas. 

“Le fógra an lae inniu, beidh láthair ag pobal labhartha na Gaeilge na cathrach agus na tíre agus acu siúd a thagann ar cuairt ó níos faide i gcéin ina mbeidh siad in ann Ghaeilge a úsáid.” 

Tá tiomantas an Rialtais i leith sheachadta an tionscadail seo léirithe sna gealltanais éagsúla atá tugtha ina leith sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 faoi Thionscadal Éireann 2040 agus sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Is ón gClár Caipitil de Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge d’eagraíochtaí lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht go sonrach a bhfuil i gceist an infheistíocht seo a dhéanamh le tuilleadh eolais ar an gclár sin anseo.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.