Tá Alan Esslemont ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 ó 2016 i leith
D’fhógair An tOireachtas inniu go mbeidh Buaic-Ghradam Cumarsáide Oireachtais na bliana seo á bhronnadh ar Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 ón mbliain 2016, as an gceannródaíocht shamhlaíoch, chróga, stuama, atá tugtha aige in earnáil na teilifíse, na mór-éachtaí atá bainte amach ag TG4 faoina stiúir agus an rath úr atá tagtha ar thionscal na scannán Gaeilge lena ré.
Ar ndóigh, tugann an Buaic-Ghradam Cumarsáide aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán Gaeilge agus tá Alan Esslemont gníomhach san earnáil sin ó dheireadh na n-ochtóidí, tráth a raibh sé ar dhuine d’fhoireann bhunaidh na cuideachta léiriúcháin, Telegael, i nGaeltacht Chonamara, agus ina dhiaidh sin nuair a ceapadh é in 1995 ar fhoireann ardbhainistíochta Theilifís na Gaeilge a bhí i mbun lainseála an stáisiúin an bhliain dar gcionn.
Dúirt Alan Esslemont: “Mo bhuíochas leis an Oireachtas as an nGradam seo a bhronnadh orm. Is eagraíocht é an tOireachtas atá an-ghar do mo chroí agus creidim go bhfuil an fhís uaillmhianach chéanna ag an Oireachtas agus ag TG4 do phobal labhartha na Gaeilge.”
“Is cinnte go bhfuil áit bhuan bainte amach ag Alan Esslemont in annála na craoltóireachta, ní amháin anseo in Éirinn ach thar sáile freisin”, a dúirt Máirín Nic Donnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Thug sé a ndúshlán siúd a chreid gur éileamh teoranta, cúng, a bhí ann d’ábhar craolta i nGaeilge, d’éirigh leis an meon forleathan sin a athrú, céim ar chéim chuig tuiscint úrnua ar an bpobal féachana, ar na slite ar fad ab fhóintí le freastal ar an bpobal sin, na hardáin digiteacha san áireamh. Rinne sé cúram fós féin d’fhorbairt na cumadóireachta, d’éascaigh sé próiseas na cruthaitheachta agus chothaigh sé glún óg san earnáil. Tá an Buaic-Ghradam seo tuillte go maith aige.”
LÉÍGH FRESIN: Slán a fhágáil ag tairseach Bhaile Átha Cliath le NYC agus í ag bogadh go cathair nua
Albanach ó dhúchas é Esslemont, a bhfuil céim mháistreacht aige sa bhFraincis ó Ollscoil Dhún Éideann agus iarchéim sa Staidéar Gnó (MBA) ó Ollscoil Oscailte na Ríochta Aontaithe. D’fhill sé ar Albain in 2007 tráth a raibh BBC, i gcomhar le MG ALBA, i mbun ullmhúcháin le cainéal nua Gàidhlig a bhunú agus chaith sé beagnach (9) naoi mbliana mar Cheannasaí Ábhar le BBC ALBA sula tháinig sé ar ais le dul i mbun TG4.
Tháinig forbairt as cuimse ar raon agus ar aschur TG4 sa tréimhse ó shin i leith. Bhí sár-rath ar straitéis chumasach Esslemont le croí lucht féachana TG4 sna ceantair Ghaeltachta agus lasmuigh díobh a fhorbairt chomh maith le treo úr craoltóireachta clár a thionscain a mheallfadh lucht féachana nua chomh maith. Breathnaíonn os cionn milliún go leith sa tír ar an stáisiún ar bhonn seachtainiúil anois anuas ar an lucht féachana domhanda a mheallann Seinnteoir TG4.
Is é a thionscain Cine4, comhfhiontar idir TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán le fadscannáin nua as Gaeilge a fhorbairt agus a chraoladh ar na scáileáin mhóra, agus a bhfuil torthaí suntasacha bainte amach aige sa tréimhse ghairid ó cuireadh tús leis, ceann acu sin an scannán, An Cailín Ciúin, a thosú ar a thuras chuig na Oscars. Éacht eile is ea bunú Cúla4 mar chainéal teilifíse do dhaoine óga i Meán Fómhair 2023, cainéal a bhíonn ag craoladh ábhar nuachruthaithe Gaeilge chomh maith le cláir ó chainéal idirnáisiúnta eile a bhíonn oiriúnaithe do lucht féachana na Gaeilge.
Bronnfar an gradam seo mar aon le ceithre ghradam déag eile ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl san INEC, Cill Airne, Co Chiarraí, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2024, ceann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna 2024. Is ar an oíche a fhógrófar na buaiteoirí eile ar fad. Déanfar an ócáid a shruthú beo ar antoireachtas.ie & tg4.ie ag 20:00.
Tá an gearrliosta do na catagóirí ar fad chomh maith le gach eolas maidir le gníomhaíochtaí uile an Oireachtais le fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, antoireachtas.ie.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.