D’OSCAIL an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, go hoifigiúil an Chéadaoin seo, an chéad Chaifé Teanga Chomharthaíochta Éireannach riamh in Éirinn, atá lonnaithe in áitreabh sa Chabrach, Baile Átha Cliath.
Cuirfidh an tsaoráid nua seo spás nua-aimseartha ar fáil do bhaill Phobal na mBodhar le bualadh le chéile agus le sóisialú. Cruthóidh sé deiseanna fostaíochta agus cianoibre freisin.
Fuair an tionscadal €100,000 faoin gCiste Infheistíochta Ionad Pobail (CCIF) agus d’oscail an tAire Humphreys go hoifigiúil é le linn cuairte ar an sráidbhaile Bodhar inniu.
Ag labhairt dó le linn na cuairte, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu sa Chabrach chun an áis nua spreagúil seo, a fuair maoiniú de €100,000 faoi Chiste Infheistíochta na nIonad Pobail mo Roinne, a oscailt go hoifigiúil.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.