Search

06 Sep 2025

Tógadh 34 duine de bharr eachtraí na hoíche aréir i mBaile Átha Cliath

Dódh bus, dódh carr na ngardaí, rinneadh ionsaí ar ghardaí, briseadh isteach i siopaí agus rinneadh go leor, leor, damáiste i lár na cathrach aréir

Tógadh 34 duine de bharr eachtraí na hoíche aréir i mBaile Átha Cliath

Rinneadh ionsaí ar ghardaí, dódh bus agus tram agus rinneadh go leor damáiste fá chathair Bhaile Átha Cliath aréir nuair a tháinig na sluaite amach i ndiaidh eachtra inar gortaíeadh daoine - trúir páiste ina measc - congarach do Chearnóg Pharnell tráthnóna inné. 

Meastar gur ionsaí scine a tharla. Tá fear a bhfuil amhras faoi a choinneáil ag na gardaí.

Tá garda go dona tinn de bharr eachtraí na hoíche aréir. Bhris daoine isteach i siopaí agus cuireadh bus agus tram tré thine. Rinneadh carr de chuid na ngardaí a dhódh chomh maith. 

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee go mbeidh impleachtaí leis an mhéid a tharla aréir. 

Chain an Taoiseach Leo Varadkar an méid a tharlaigh aréir chomh maith. Dúirt sé go ndéanfar an méid agus is féidir le pionós a ghearradh orthu seo a ba chúis le na heachtraí.

Thacaigh sé leis an tAire Dlí agus Cirt agus le Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.