Search

06 Sep 2025

Gradam speisialta ag Oireachtas na Samhna do Blas

"Is mór an onóir é a bheith aitheanta ag an Oireachtas agus tá mé thar a bheith sásta do gach duine ar na foirne tiomanta cumasacha atá ag Blas chomh maith leis na foirne a bhí linn ar an aistear le 25 bliain anuas den seó seo." - Róisín Ní Chéileachair, Eagarthóir Ábhair BBC Gaeilge

Gradam speisialta ag Oireachtas na Samhna do Blas

Bronnadh gradam speisialta ar Blas, príomh-irischlár Gaeilge an BBC, ag Oireachtas na Samhna i mbliana lena chuimhneachán 25 bliain an fómhar seo a cheiliúradh. Bhain an gradam le ‘Scothchraoltóireacht le 25 bliain’.

Ó craoladh an clár den chéaduair ar BBC Raidió Uladh tráthnóna an Meán Fómhair, 1998, leanann sé leis ag soláthar réimse leathan d’ábhar il-ardán d’éisteoirí. Le 25 bliain anuas, tá an clár ag tabhairt ‘blas’ don lucht éisteachta de scéalta daonspéise náisiúnta agus idirnáisiúnta, na healaíona, cultúr, eolaíocht agus teicneolaíocht, spórt, ceol, drámaí agus cláir faisnéise.

Agus í ag glacadh leis an duais, is é a dúirt Róisín Ní Chéileachair, Eagarthóir Ábhair BBC Gaeilge agus comh-bhunaitheoir de chuid Blas, taobh le hAntaine Ó Donnaile: “Is mór an onóir é a bheith aitheanta ag an Oireachtas agus tá mé thar a bheith sásta do gach duine ar na foirne tiomanta cumasacha atá ag Blas chomh maith leis na foirne a bhí linn ar an aistear le 25 bliain anuas den seó seo. Is iomaí rud a tharla sa cheathrú céid sin, agus tá súil againn gur féidir linn fós an chuid is fearr d’ábhar a thabhairt dár lucht éisteachta trí mheán na Gaeilge, beag beann ar athruithe leis an teicneolaíocht.  

Táimid iontach buíoch den Oireachtas as an ghradam speisialta seo, agus, cé gur ceann mór againne é, mothaím gur gradam é dár lucht éisteachta agus rannpháirtithe iontacha fosta, chomh maith leis an mhuintir a chuaigh romhainn i gcraoltóireacht na Gaeilge. Níorbh fhéidir le Blas é féin a mhúnlú le ceathrú céid anuas ar an dóigh chéanna atá déanta aige murach iad."

Fuair Séamus Mac Murchaidh: Díolta Faoina Luach, clár a léirigh Macha Media do BBC Gaeilge mar choimisiún teilifíse, gradam ón Oireachtas chomh maith, mar bhí ‘Clár/Scannán Teilifíse na Bliana’.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.