Search

06 Sep 2025

Conradh na Gaeilge á fhógairt ag an Ard-Mhéara mar a rogha charthanachta

“Tá Conradh na Gaeilge millteanach bródúil bheith ábalta tacú le na hiarrachtaí athbheochana atá faoi lán seoil i láthair na huaire. Agus muid anois ag obair i dtreo chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua teanga ó thuaidh, a mbeidh tionchar iontach dearfach aici ar phobal na Gaeilge agus eile.

Conradh na Gaeilge á fhógairt ag an Ard-Mhéara mar a rogha charthanachta

Bhuail Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Ryan Murphy, le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge i Halla na Cathrach

Tá an eagraíocht Conradh na Gaeilge roghnaithe ag Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Ryan Murphy mar an cheathrú carthanacht agus an ceann deireanach dá bhliain in oifig.

D’fhógair an Comhairleoir Murphy roimhe seo a thacaíocht do thrí ghrúpa áitiúla eile – an tSeirbhís Tarrthála Phobail atá bunaithe go deonach, an eagraíocht tacaíochta mheabhairshláinte TAMHI agus Kids Together, a chuireann seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu.

Cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun in 1893 le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus tá breis is 200 craobh ar fud an domhain anois aige. Bhunaigh an Dr John St Clair Boyd an chéad chraobh i mBéal Feirste ar Lúnasa 19, 1895 ar Bóthar Beersbridge Uachtarach.

Duirt an Comhairleoir Murphy: “In 2023, tá Conradh na Gaeilge ag comóradh 130 bliain ó cuireadh ar bun é agus tá lúcháir orm iad a fhógairt mar cheann de na carthanachtaí do mo théarma oifige. Le linn an ama seo, bhí an eagraíocht chun tosaigh i gcur chun cinn agus i gcosaint stair shaibhir na Gaeilge ar fud na cathrach, ról atá á fheidhmiú ag an Chonradh go fóill sa lá atá inniu ann.

“Mar chomhairle, tá muid tiomanta dá chinntiú go mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu sa chathair seo agus an éagsúlacht ag fás agus ag leathnú inti, mar chathair. Tá súil agam, agus mé ag obair lámh ar lámh le foireann dhíograiseach agus oibrithe deonacha Chonradh na Gaeilge, go dtig liom a bheith páirteach i scéal na Gaeilge a insint agus spreagadh a thabhairt do dhaoine eile an nasc níos leithne atá acu le hoidhreacht agus forbairt na cathrach seo a fhiosrú.”

Bhuail an t-Ardmhéara le hionadaithe ón charthanacht i Halla na Cathrach an áit ar chuala sé tuilleadh faoi na seirbhísí a chuireann siad ar fáil i mBéal Feirste faoi láthair, lena n-áirítear ranganna agus ceardlanna a chur ar fáil, obair le scoileanna, agus Seachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge a eagrú le Energia.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, ó thuaidh: “Le blianta beaga anuas tá clú bainte amach ag Béal Feirste ar fud na hÉireann agus ar fud na hEorpa mar eiseamláir dhea-chleachtais maidir le hathbheochan agus le hathneartú mionteanga dhúchais i gcomhthéacs uirbeach. Ag tógáil ar an obair chlaochlaitheach a thit amach ar Bhóthar Seoighe, tá borradh faoin teanga ar fud na cathrach, agus an Ghaelscolaíocht mar chuisle leis an fhorbairt sin.

“Tá iliomad naíscoileanna agus Gaelscoileanna ar fud na cathrach, agus tá an mheánscoil Ghaeilge is mó in Éirinn, Coláiste Feirste, ag fás bliain i ndiaidh bliana. Tá na céadta i ndiaidh iarratais a dhéanamh le Halla na Cathrach chun a gcuid logainmneacha agus sráidainmneacha a chur in airde trí Ghaeilge agus ag an am céanna tá na mílte ag freastal ar ranganna oíche gach seachtain le grúpaí pobail in achan chearn den chathair. Is gluaiseacht athshlánaíoch teanga agus pobail í seo nach bhfuil a leithéid chéanna le fáil áit ar bith eile in Éirinn. 

“Tá Conradh na Gaeilge millteanach bródúil bheith ábalta tacú le na hiarrachtaí athbheochana atá faoi lán seoil i láthair na huaire. Agus muid anois ag obair i dtreo chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua teanga ó thuaidh, a mbeidh tionchar iontach dearfach aici ar phobal na Gaeilge agus eile.

“Tá céimeanna móra maithe tógtha chun tosaigh ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste Fosta le dornán beag blianta anuas ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de. Sa bhliain seo atá amach romhainn tá muid ag súil le polasaí nua Gaeilge atá láidir agus ceannródaíoch ann féin, mar aon le himeachtaí móra chun céiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge le Energia, i measc neart rudaí eile.

“Is mian linn ar mbuíochas a ghabháil leis an Ard-Mhéara agus leis an Chomhairle féin as ucht tacú lenár bhfís agus lenár gcuid oibre, as luach a chur linn mar eagraíocht mar aon leis an iliomad eagraiochtaí iontacha pobail atá ag cuidiú le Béal Feirste éagsúil, ildánach agus fáilteach.”

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.