Ar a laghad trí dhuine dhéag marú i dtine sa Spáinn


Thosaigh an tine i gclub oíche i gceantar Murcia
Tuigtear go bhfuil ar a laghad 13 duine marú i ndiaidh tine a thosaigh i gclub oíche i gcathair Murcia, sa Spáinn.
Thosaigh an tine i gclub oíche Fonda Milagros i gceantar Atalayas aréir, Dé Satharn.
Rinneadh fís don tine a roinnt ar líne agus ann feictear deatach dorcha ag stealladh amach as na fuinneoga agus lasracha dearga os coinn an foirgnimh.
Tá na seirbhísí éigeandála ag lorg daoine atá ar iarraidh agus a bhí san chlub oíche ag an am. Dúradh gur seo an tine is smeasa i gclub oíche san cheantar le scór go leith bliain.