Ábhar foghlama: Cé chomh maith is atá do chuid Gaeilge? Tóg an tráth na gceist seo!


BHÍ CEIST nua ar fhoirm an daonáirimh i 2022 a d’iarr ar dhaoine a n-inniúlacht féin sa Ghaeilge a mheas – an raibh sé an-mhaith, go maith, nó go dona.
Is catagóirí sách leathan iad sin, go mór mór nuair a chuimhnítear ar an drogall a bhíonn ar Éireannaigh a bheith ró-ghaisciúil, go háirithe maidir lena scileanna teanga sa Ghaeilge.
Ach tá bealach éasca ann chun cumas in aon teanga a mheas, atá bunaithe ar chreatlach ón Aontas Eorpach ar a dtugtar CEFR as Béarla. Tá 6 leibhéal sa chreatlach, ó A1 go dtí C2.
Is féidir teastais aitheanta a bhaint amach sna leibhéil, agus i gcás na Gaeilge, tugtar Teastas Eorpach Gaeilge (TEG) ar an ngrúpa a bhronnann iad. Reáchtálann TEG scrúduithe foirmiúla de réir mar is gá.
Seachas an teastas foirmiúil, is féidir léargas ginearálta ar do chumas teanga a fháil uathu trí quiz beag anseo.