Search

06 Sep 2025

Ar mhaith leat a bheith ag obair le foireann TG4?

Cúrsa úr seolta ag Fíbín Media agus Gréasán Na Meán Skillnet i gcomhar le TG4 chun pearsanra oilte a fhorbairt do thionscal na Meán Gaeilge

Ar mhaith leat a bheith ag obair le foireann TG4?

Tá cúrsa nua seolta ag Fíbín Media agus Gréasán Na Meán Skillnet i gcomhar le TG4 chun pearsanra oilte a fhorbairt do thionscal na Meán Gaeilge.

Má tá suim agat a bheith ag obair sa teilifís agus má tá Gaeilge agat, seol CV chugainn ag acadamhfibin@gmail.com

Táthar ag lorg cainteoirí Gaeilge, os cionn 18 bliain d’aois, a bhfuil suim acu post buan a bhaint amach in earnáil na teilifíse tar éis an chúrsa. Tá siad ag lorg daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí fuaime, ceamaradóireachta, eagarthóireachta, léiritheoireachta, stiúrtha, láithreoireachta, iriseoireachta, soilse, agus aistriúcháin. Táthar a rá nach bhfuil aon ghá taithí ná cáilíocht a bheith ag daoine mar go gcuirfear oiliúint iomlán ar fáil le linn an chúrsa. 

An Cúrsa 

Beidh an cúrsa ar siúl ó Meitheamh 26 go dtí Lúnasa 4 ag oifigí agus stiúideo teilifíse Fíbín Media ar an Tulaigh, i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe, H91 A9W8.  
Beifear ag obair le Gréasán na Meán chun tacaíocht airgeadais a fháil don chúrsa seo agus chun an cúrsa féin a leagan amach idir ábhar, fad an chúrsa, agus méid daoine chun go mbeidh struchtúr foghlama ann agus taithí mhaith á fáil ag na daoine a bheas faoi oiliúint.  

Tosóidh gach duine ar an gcúrsa seo ar an lá céanna. Bheadh sé i gceist acu níos mó ná duine amháin a bheith i ngach rannóg, ag roghnú an duine is fearr ag deireadh an chúrsa le post buan a thabhairt dóibh ar Scéal 4.  

Le freastal ar an ardú ‘táirgeachta’ a bheas le teacht le cainéal nua Cúla4, is deis iontach é seo chun daoine nua le smaointe nua a mhealladh chuig an earnáil, ní amháin do Fíbín Media ach don earnáil i gcoitinne. 

Ní bheidh ar rannpháirtithe an chúrsa táillí a íoc agus clúdófar lóistín agus bia mar chuid den chúrsa. 

Imlíne an chúrsa 

Is é aidhm an chúrsa seo go mbeidh rannpháirtithe an chúrsa ag fáil taithí phraiticiúil sa chaoi go mbeidh siad in ann post lánaimseartha a bhaint amach ag deireadh an chúrsa seacht seachtaine. 

Clúdófar gach gné de léiriúchán. Ina measc, tá léiritheoireacht, stiúradh, ag glacadh nótaí agus ag cur nótaí i bhfeidhm, fuaim ar láthair agus sa stiúideo, meascadh fuaime,  eagarthóireacht agus ag réiteach ábhar le seachadadh do chraoltóirí.  

Is é an aidhm go mbeidh idir triúr agus ceathrar i ngach roinn agus go mbeidh post buan curtha ar fáil do dhuine dóibh sin ar Scéal 4 ó mhí Lúnasa ar aghaidh m.sh. Innealtóir fuaime, Ceamaradóir, Eagarthóir  srl. Rachaidh sé seo chun tairbhe don tionscal níos leithne sa réigiún freisin mar is féidir leo siúd nach n-éiríonn leo post a bhaint amach le Fíbín Media post a lorg i gcomhlachtaí eile atá ag déanamh cláir as Gaeilge do TG4.  

Dírithe go sonrach ar ábhar do dhaoine óga, is cur chuige níos spriocdhírithe é Acadamh Scéal 4, a thabharfaidh aghaidh ar an nganntanas criú agus tallainne ar an scáileán agus taobh thiar den cheamara do chláir do dhaoine óga as Gaeilge.   

Tá gach eolas ar www.fibinmedia.ie/acadamh

Coinnigh súil ar ár leathanach LinkedIn nua Fíbín Media le haghaidh uasdátaithe post agus deiseanna traenála.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.