Search

06 Sep 2025

Gardaí ag achomharc ar fhinnéithe tar éis timpiste marfach i Sligeach

D'FHREASTAIL gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar láthair imbhuailte bóthair marfach a tharla i gCo Shligigh Dé Céadaoin seo.

Tharla an t-imbhualadh, thart ar 11:40rn idir veain agus carr, ar an mbóthar idir Baile an Mhóta go Tobar an Choire.

Fógraíodh go raibh an tiománaí fireann, a bhí sna déaga déanacha, básaithe ag an láthair. Tugadh a chorp go dtí an marbhlann in Ospidéal na hOllscoile, Sligeach, áit a mbeidh scrúdú iarbháis ar siúl in am trátha. Níor gortaíodh tiománaí fireann na veain, a bhí ina 60idí.

Rinne Imscrúdaitheoirí Imbhuailtí Fóiréinseacha an Gharda Síochána scrúdú teicniúil ar an láthair agus tá an bóthar oscailte arís.

Tá Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an t-imbhualadh seo teagmháil a dhéanamh leo.

Iarrtar ar aon úsáideoir bóithre a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara a bheith acu, lena n-áirítear dash-cam, agus a bhí ag taisteal sa cheantar ag an am, an scannán seo a chur ar fáil do na Gardaí.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu dul i dteagmháil le stáisiún gardaí Bhaile an Mhóta ar 071 918 9500, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111 nó aon stáisiún gardaí.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.