Táthar ag moladh do dhaoine a bheas ag snámh san farraige lá Nollag a bheith cúramach agus iad san uisce.
Dúradh go bhféadfadh an uisce a bheith contúirteach amach ón chósta. Tá rabhadh á thabhairt ag Met Éireann de bharr gaotha arda ar an chósta. Dúradh go mbeidh an lá tirim agus grianmhar den chuid is mó.
Tá réamhaisnéiseoirí i ndiaidh cur as an áireamh go dtitfidh sneachta lá Nollaig.
Eisíodh roinnt rabhadh gaoithe Stádas Buí don lá amárach, Déardaoin.
Beidh rabhadh buí gaoithe i bhfeidhm do Chúige Laighean agus i gcontaetha an Chabháin, Mhuineacháin, Chorcaí, Luimnigh, Thiobraid Árann, Phort Láirge, an Chláir, Chiarraí, Dhún na nGall agus i gCúige Chonnachta.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.