Nós úr ag Gradaim Ceoil TG4 i mbliana

Beidh meascán idir ainmniúchán pobail agus painéal roghnúcháin i gceist leis an ngradam
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an cheol agus amhránaíocht thraidisiúnta is fearr sa tír, i mbliana, beidh Gradaim Ceoil TG4 beidh athrú ar an dóigh a roghnófar duine den seachtar a bhuafaidh Gradam Ceoil. Beidh meascán idir ainmniúchán pobail agus painéal roghnúcháin i gceist leis an ngradam. Tá an gradam ceoil ar na bacán le 26 bliain i mbliana.
Bronnadh an Gradam Comaoine den chéad uair in 2006 chun aitheantas a thabhairt don obair éachtach atá déanta ag daoine áirithe leis na blianta chun ceol traidisiúnta na hÉireann a chaomhnú agus a scaipeadh lena chinntiú go mbeidh fáil ag na glúnta atá le teacht ar cheol ár sinsear agus ar cheol ár linne.
Fáiltíonn Gradam Ceoil TG4 roimh ainmniúcháin ar dhuine nó daoine ar cheart aitheantas domhanda a thabhairt dóibh as an méid atá curtha i gcrích acu do na healaíona taibhléirithe traidisiúnta. D’fhéadfaí an Gradam Comaoine seo a bhronnadh ar dhuine mar gheall ar an obair a rinne sé/sí mar mhúinteoir, taighdeoir, scríbhneoir, eagraí imeachtaí, meantóir, léiritheoir, gníomhaí pobail nó duine de lucht tacaíochta na n-ealaíon traidisiúnta.
Is féidir duine aonair, eagraíocht, togra pobail nó togra faoi leith eile a mholadh don ghradam.
Is féidir le hainmniúcháin a bheith lonnaithe áit ar bith ar an domhan agus a bheith ag obair i réimse ar bith sna healaíona traidisiúnta. Ní féidir ach ainmniúchán amháin a dhéanamh in aghaidh seoladh ríomhphoist.
Beidh gearrliosta de sheisear ainmnithe roghnaithe ag coiste roghnúcháin Ghradam Ceoil TG4. Déanfar an roghnú deireanach ag painéal roghnúcháin Ghradam Ceoil TG4. Fógrófar an faighteoir faoi thús Mhárta 2023.
Is féidir ainmniúchán a dhéanamh d’fhaighteoir Ghradam Comaoine TG4 don bhliain 2023 anseo; Gradam Comaoine 2023