Noeleen Ní Cholla ina hOifigeach Pleanála Teanga úr ar Oileán Thoraigh

Tory Islandplaceholder image
Tory Island

Noeleen Ní Cholla atá ina hOifigeach Pleanála Teanga úr ar Oileán Thoraigh. 

Chuaigh sí i mbun na hoibre ag tús na seachtaine seo. Is ceoltóir don chéad scoth í Noeleen atá go leor bainte amach aicí ó thaobh na hamhránaíochta. 

Ba bun-mhúinteoir í Noeleen a bhí ag teagasc i gcontae Lú go dti seo. Tugann Noeleen ranganna chomh maith ar an tidirlíon dóibh seo ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim

Tá Noeleen rí-shásta as a post úr agus ag dúil go mór le tabhairt faoina cuid oibre ar an oileán.

"Tá an oidhreacht agus an chultúr mar pháirt mhór do mo shaol agus mar pháirt don cheoil agus amhránaíochta de. Bím ag déanamh obair dheonach fosta thar na mblianta," a dúirt sí. 

Beidh Noeleen ag dul i mbun dualgais i gcomhpháirtíocht le Comharchumann Oileán Thoraigh. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice