Níos mó ná €3 milliún le hinfheistiú i láithreáin áineasa Choillte le linn 2026

Tá sonraí fógartha ag an Aire Dara Calleary TD, faoi mhaoiniú €3.13m a chuirfidh an roinn ar fáil in 2026 mar chuid dá comhpháirtíocht straitéiseach le Coillteplaceholder image
Tá sonraí fógartha ag an Aire Dara Calleary TD, faoi mhaoiniú €3.13m a chuirfidh an roinn ar fáil in 2026 mar chuid dá comhpháirtíocht straitéiseach le Coillte

€3.13m le haghaidh bonneagar nua conairí agus cothabháil leanúnach ag 224 suíomh

Tá sonraí fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, faoi mhaoiniú €3.13m a chuirfidh an roinn ar fáil in 2026 mar chuid dá comhpháirtíocht straitéiseach le Coillte.

Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Calleary: “Is í 2026 an bhliain dheireanach de chomhpháirtíocht straitéiseach 5 bliana reatha mo roinne le Coillte. Le 5 bliana anuas, tá maoiniú de bhreis is €16m curtha ar fáil chun tacú le foraoisí agus áiseanna áineasa iontacha Choillte ar fud na tíre agus iad a chothabháil. Tá sé seo sa bhreis ar infheistíocht sna suíomhanna seo trí chláir ar nós an Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh.

“Chomh maith le bheith á úsáid chun líonra conairí agus áiseanna áineasa Choillte a chothabháil agus a fhorbairt, thacaigh an maoiniú seo freisin le rannpháirtíocht Choillte le pobail áitiúla agus le grúpaí áineasa ar fud na tíre.” “Is sócmhainní iontacha iad na foraoisí seo a mbaintear taitneamh astu go laethúil ag cuairteoirí agus ag pobail áitiúla agus is gné thar a bheith tábhachtach iad den earnáil caitheamh aimsire lasmuigh in Éirinn.

“Áirítear lenár n-infheistíocht in 2026 €2m chun cothabháil leanúnach agus tacaíochtaí gaolmhara a éascú ag breis is 200 suíomh caitheamh aimsire ar fud na tíre. Ina theannta sin, tá €1.1m á chur ar fáil chun tacú le forbairt áiseanna caitheamh aimsire nua agus uasghráduithe ar áiseanna atá ann cheana féin ag 20 suíomh ar fud na tíre.”

Seo a leanas samplaí de chuid de na háiseanna áineasa nua atá á maoiniú:

* Páirc na Coille, Co. an Chláir: Oibreacha feabhsúcháin ar an gcarrchlós agus uasghrádú ar 1.4 km de chosán. €90,000.

* Páirc Foraoise an Churraigh, Co. Luimnigh: Athnuachan ar bhóthar isteach na Páirce Foraoise. €280,000.

* Coillte Bhéal Leice, Co. Mhaigh Eo: An chéad suiteáil de ghnéithe súgartha mar chuid de chosán súgartha coillte nua. €105,000.

* Sopwell, Co. Thiobraid Árann: Athnuachan ar dhroichead portaigh. €60,000.

* Foraois Mhuine Mheá, Co. na Gaillimhe: Oibreacha feabhsúcháin ar an gcarrchlós agus uasghrádú ar an gcosán. €76,000.

* Páirc Foraoise Dhún an Rí, Co. an Chabháin: Nuachóiriú ar áiseanna leithris. €82,000.

Tá an liosta iomlán de na suíomhanna atá á gcothabháil agus suíomhanna na n-oibreacha nua ar fáil anseo.

Lean an tAire ar aghaidh: “Ní féidir linn an tionchar dearfach atá ag áineas lasmuigh ar ár bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach a ró-mheas. Tá ár gcomhpháirtíocht le Coillte ar cheann de na cinn is tábhachtaí agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis an eagraíocht sna míonna amach romhainn chun comhpháirtíocht straitéiseach nua a fhorbairt ó 2027.

“Mar aon le comhpháirtíochtaí straitéiseacha mar seo, tá infheistíocht dhíreach á cur ar fáil ag mo Roinn tríd an Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh.”

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice