Níl bun ar an aimsir go foill de réir réamhaisnéiseoir aimsire amháin

Tá réamhaisnéiseoir aimsire ag tuar go bhfuil seans ann go bhfuil tuilleadh sneachta ar a bhealach, sna laethanta beaga amach romhainn, i gceantaracha áirithe in Éirinn.
Dúirt Met Éireann go mbeidh an teocht ag titim ó bheas Deardaoin ar aghaidh.
Dúirt Cathal Nolan ó Ireland's Weather Channel nach bhfuil an gheimhreadh tharainn go foill agus é ag tuar go mbeidh níos mó sneachta ann amach anseo in áiteanna áirithe.
Dúirt sé go raibh go leor réamhfhisneoirí ag fógairt an scéal céanna.
D'ainneoin sin tá Met Éireann ag rá go dtitfidh an teocht ach níl siad ag tuar go mbeidh sneachta ann, go foill.
Tá an dá scéala ag tarraingt le chéile i dtaca leis an teocht ag titim ó Deardaoin ar aghaidh.