'Ní bheidh tionchar ag praghasanna Bhaile Átha Cliath ar Dhún na nGall'


Dúirt iar-bhainisteoir óstáin an Great Northern gur bheag éifeacht a bheas ag luachanna Bhaile Átha Cliath ar óstáin ann áiteanna ar nós Bhun Dobhráin
Dúirt iar-bhainisteoir óstáin an Great Northern i mBun Dobhráin gur bheag éifeacht a bheas ag praghasanna Bhaile Átha Cliath ar óstáin eile.
Le seachtain anuas, táthar á thauirisc go bhfuil méadú suntasach tagtha ar luach óstáin sa phríomh chathair mar gheall ar Lá Fhéile Pádraig.
Dúirt Philip McGlynn go bhfuil seisan ag dúil le tús séasúr na turasóireachta i ndiaidh na féile Pádraig agus gur dóigh leisan nach mbeidh éifeacht ar bith ag luachanna Bhaile Átha Cliath ar áiteanna ar nós Bun Dobhráin.
Dar leis go bhfuil daoine sásta dhul ar-líne agus a rogha féin a dhéanamh maidir le cá háit ar mhaith leo dhul agus cé mhéad ar mhaith leo íoc ar son seomraí.
Táthar ag tógáil óstáin eile fá láthair i mBaile Átha Cliath agus sna laethanta amach romhainn tá seans go mbeidh luach ní ba ísle ar sheomraí sa phríomh chathair mar gheall go mbeidh níos mó seomraí ar fáil, dar leis.