Search

06 Sep 2025

‘Cothaíonn PLC muinín ionat’ - Fear as Bun Cranncha ag díriú ar ghairm Ríomhghnó

Bhí Anton Cunningham, 23 bliain d'aois, ag obair san earnáil fáilteachais ach bhí sé ag iarraidh na scileanna digiteacha agus TF is déanaí a shealbhú

‘Cothaíonn PLC muinín ionat’ - Fear as Bun Cranncha ag díriú ar ghairm Ríomhghnó

Bhí Anton Cunningham, 23 bliain d'aois, ag obair san earnáil fáilteachais ach bhí sé ag iarraidh na scileanna digiteacha agus TF is déanaí a shealbhú

Tá fear óg as Bun Cranncha ag díriú ar a roghanna fostaíochta i ndiaidh dó filleadh ar an oideachas chun staidéar a dhéanamh ar Ríomhghnó.

Bhí Anton Cunningham, 23 bliain d'aois, ag obair san earnáil fáilteachais ach bhí sé ag iarraidh na scileanna digiteacha agus TF is déanaí a shealbhú. Chinn sé clárú chun cúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC) a dhéanamh le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) trína Sheirbhís Breisoideachais agus Breisoiliúna (FET).

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Anton leis an Donegal Daily, “Ní raibh fonn orm freastal ar an choláiste ach bhraith mé gur cheart dom cúrsa uasoiliúna a dhéanamh chun mo dheiseanna fostaíochta a fheabhsú”.

Ní hamháin gur fhoghlaim sé conas bogearraí riachtanacha cosúil le Microsoft Office a úsáid i rith an chúrsa, ach d'fhoghlaim sé faoi cheapadóireacht ghréasáin fosta, rud a chur ar a chumas a shuíomh gréasáin féin a fhorbairt.

Tá cúrsaí PLC deartha mar chúrsaí atá fóirsteanach do mhic léinn i ndiaidh na hArdteistiméireachta ar mian leo bhliain bhreise a chaitheamh i mbun staidéir ar réimse gairme sonrach agus d'aosaigh atá ag filleadh ar an oideachas.

Tá an cúrsa seo bunaithe ar stíl foghlama atá níos cosúla leis an choláiste le meascán d'obair phraiticiúil, d'obair acadúil agus de thaithí oibre.

Tá cúrsa Ríomhghnó Anton á theagasc san Ionad FET i mBun Cranncha agus tá sé ag súil leis an chéad chéim
eile cheana féin.

Bhí an méid seo a leanas le rá aige: “Tá mé ag súil le dul chun cinn gairme a dhéanamh anois agus ba mhaith liom iarratas a dhéanamh ar phoist riaracháin. Ag aonach poist a reáchtáladh in Óstán an Inishowen Gateway, thuig mé go bhfuil go leor áiteanna ar féidir liom iarratas a sheoladh chucu trí úsáid a bhaint as mo PLC.”

I rith an chláir bliana dírítear ar na scileanna digiteacha agus TF is déanaí atá riachtanach chun post a fháil sa réimse riaracháin ghnó. I measc na modúl tá modúl cumarsáide, párolla, Microsoft Word, Excel agus ceapadóireachta gréasáin - an modúl is fearr le Anton.

“Sílim go gcothaíonn na modúil muinín ionat, bíonn tú i dtólamh ag foghlaim trí rudaí a dhéanamh agus ní bhíonn tú ag díriú ar an iomarca teoirice i gcónaí. Is i bhfoirm tascanna a dhéantar formhór obair an chúrsa agus níor bhraith mé go raibh an chuid den chúrsa fíorchasta. Cuireann tú leis an méid atá foghlamtha agat cheana féin.

“Bhain mé taitneamh as a bheith ag foghlaim faoi HTML agus as mo shuíomh gréasáin féin a fhorbairt, agus bhí sé sin spéisiúil as siocair go bhfuil tú ag foghlaim fad is atá obair phraiticiúil á déanamh agat agus is féidir leat do shaintréithe féin a léiriú.

“Bhí sé go deas a bheith ag foghlaim as siocair go ndearna ár múinteoir Alan gach rud go críochnúil agus gur thug sé aiseolas dúinn de réir a chéile. Bhí an ghairmthreoir thar barr fosta. Scríobhamar CV agus litreacha cumhdaigh chun ullmhú don saol oibre.”

Chomh maith leis sin, shíl Anton go raibh modh seachadta an chláir an-solúbtha. Go ginearálta, bíonn na mic léinn sa rang go dtí 2.45pm.

“Déanann tú go leor de do chuid oibre in ionad FET ETB rud a chiallaíonn nach gá duit rudaí a dhéanamh sa bhaile. D'fhéadfainn a bheith réidh faoi 3pm agus mo rogha ruda a dhéanamh sa tráthnóna. Tairgtear ríomhaire glúine dúinn agus tá sé thar a bheith áisiúil chun tascanna a dhéanamh in am.”

Ní hamháin go mbeidh dámhachtain Leibhéal 5 QQI ag Anton agus a chairde beidh líonra de phiaraí tacúla aige fosta.

“Níl PLC cosúil le bheith ag freastal ar scoil, bíonn deis agat comhrá a dhéanamh le do mhúinteoir. Tá meascán deas daoine, aoiseanna difriúla ann, agus réitímid ar fad go maith lena chéile.”

Nuair a fiafraíodh de an molfadh sé an clár do dhaoine eile, dúirt sé an méid seo a leanas: “Is cúrsa é seo atá fóirsteanach do gach duine. Mholfainn do dhuine ar bith é a dhéanamh. Má shíleann tú nach bhfuil tú réidh don choláiste, d'fhéadfá an cúrsa seo a dhéanamh i gcomhair bliana. Is bealach maith é chun cur le do CV.”

Tá 11 chúrsa PLC á dtairiscint ag ETB Dhún na nGall i mí Mheán Fómhair seo chugainn i dtrí shuíomh

– Bun Cranncha (Ionad FET), Leitir Ceanainn (Ionad FET) agus Srath an Urláir (Coláiste Finn Valley).

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne trí na naisc thíos nó má mian leat teagmháil a dhéanamh leis na hionaid, gheobhaidh tú na sonraí teagmhála anseo

Bun Cranncha
1. Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige
2. Ríomhghnó 
3. Cúram Ainmhithe
4. Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh
5. Staidéar Gnó
6. Teicneolaíocht Foirgníochta
7. Scileanna Seirbhíse Sláinte
8. Oideachas agus Oiliúint Ionchuimsitheach


Srath an Urláir
9. Riarachán Gnó
10. Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige
11. Spóirt, Áineas agus Aclaíocht

*Ábhar urraithe

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.