D’oibríodh Teresa Duffy ó Ráth Bhoth san earnáil mhiondíola roimh an phaindéim. Nuair a chuaigh a leanaí chun na hollscoile, bheartaigh sí gur mhithid athrú a lorg
Tá Conallach mná ag socrú isteach i bpost úr i ndiaidh di na scileanna agus an mhuinín a fháil chun pilleadh ar an obair le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).
D’oibríodh Teresa Duffy ó Ráth Bhoth san earnáil mhiondíola roimh an phaindéim. Nuair a chuaigh a leanaí chun na hollscoile, bheartaigh sí gur mhithid athrú a lorg.
Leis na cáilíochtaí a fháil ar mhaithe le tús úr, chláraigh Teresa i gcúrsa oiliúna i dtaca le Riarachán Oifige le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, lena soláthraítear modúil i Riarachán Leighis / Dlí.
Soláthraítear an cúrsa lánaimseartha i Leitir Ceanainn thar thréimhse aon bhliain amháin.
Cé nach raibh sí i mbun an oideachais ó rinne sí an Ardteist, níorbh fhada go raibh ag éirí go geal léi agus go ndearna sí cairde saoil laistigh den timpeallacht foghlama tacúil. “Ba é an sprioc a bhí agam mo chuid modúl a dhéanamh, an cúrsa a thabhairt i gcrích agus teastas a fháil ag an deireadh, lena léireofaí go bhfuil mé ábalta dul ar ais chun foghlaim,” arsa Teresa.
“Ní bhíonn tú róshean riamh i leith na foghlama,” a deir sí. “Thóg sé cúpla seachtain orm socrú isteach, bhí an grúpa go hiontach agus iontach cuidiúil. Is í obair foirne bun agus barr an scéil. Bíonn a gcuid smaointe á roinnt lena chéile ag daoine, agus ba léir gur chuir na scoláirí níos óige an chúthaileacht díobh.”
Cumasaítear scoláirí leis an dúrud scileanna praiticiúla leis an chúrsa oiliúna. Ó thras-scríbhinn fuaime agus bainistiú taifeadtaí leighis go seirbhís custaiméara agus bainistiú oifige éifeachtaí, fuair sí an saineolas a bhí uaithi le go n-éireodh léi i suíomh gairmiúil.
Dúirt Teresa gur bhain sí tairbhe ar leith as na cur i láthair agus na gnéithe oibre foirne.
“Chuideodh sé liom a bheith ag labhairt leis an rang i dtaobh mo muiníne de agus chun pilleadh ar an ionad oibre agus mé i mo dhuine fásta,” a dúirt sí.
“Múineadh scileanna éisteachta maithe dúinn leis sin agus le cleachtadh a dhéanamh ar chásanna éagsúla, amhail custaiméir feargach a bhainistiú.
“Bhí na modúil iontach cuidiúil i dtaca le d’ullmhú chun dul amach sa saol oibre.”
Múintear scileanna ríomhaireachta saincheaptha do chumarsáidí oifige leis an chúrsa oiliúna fosta, amhail Microsoft Word agus Outlook.
Tarraingíodh tuilleadh airde ar na buntáistí a bhaineann le breisoideachais agus oiliúna leis an eispéireas dearfach a bhí ag Teresa lena múinteoir, Paul McGettigan. Tá comhthuigbheáil ann idir an mhúinteoir agus na scoláirí sa dóigh is gur féidir le hachan duine oibriú le chéile lena spriocanna a bhaint amach.
Mhínigh Teresa: “Ós rud é go bhfuil an cúrsa dírithe ar dhaoine fásta, déanann siad iarracht achan rud a chlúdach sa seomra ranga le nach mbíonn a dhath ar bith eile le déanamh agat nuair a théann tú abhaile san oíche. Shíl mé go raibh sé sin iontach maith, níl sé cosúil le bheith ar scoil. Tá an dualgas ort mar dhuine fásta má tá tú ag iarraidh foghlaim agus, go pearsanta, chaith mé giota beag ama sa bhreis i mbun staidéir sa bhaile.”
Dar le Teresa, b’fhurasta labhairt lena múinteoir Paul McGettigan agus bhí fáil air i dtólamh chun cuidiú leo. “Bhí oiread foighde aige,” arsa Teresa.
Tugadh blaiseadh ar oifigí leighis agus dlíodóra araon do Teresa leis an mhodúl cleachtaidh oibre. Gan ach mí i ndiaidh di an clár a chur i gcrích, bhí sí fostaithe in oifig na bPrintíseachtaí de chuid ETB Dhún na nGall.
“Is aoibhinn liom an obair. Bíonn achan lá ina lá scoile dom. I gcás printíseachtaí, bíonn an ghlúin óig á tarraingt isteach agat agus bíonn tú ag iarraidh cuidiú leo. Tá neart foghlama le déanamh agam fós laistigh den phost agus is aoibhinn liom an t-atmaisféar uilig agus an cairdeas.”
Má tá tú ag smaoineamh faoi athrú gairme, faoi uasoiliúint nó faoi athoiliúint, tá réimse leathan cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil ar fud an chontae ag ETB Dhún na nGall faoi láthair.
Amharc ar do roghanna ar a suíomh gréasáin nó má tá tú ag iarridh labhairt fríd do roghanna, déan teagmháil lena Seirbhís Treorach agus Eolais do Dhaoine Fásta trí ghlaoch a chur ar 074 9178088 nó comhlánaigh an fhoirm seo agus tiocfaidh siad ar ais chugat - cliceáil anseo.
Tá Cúrsaí Oiliúna comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. #EUiMoRéigiún
*Ábhar urraithe
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.