Mí Iúil an mhí is fliche ar thaifead in Éirinn


Aimsir chlaochlaitheach ar an bhealach le linn mí Lúnasa
Léiríonn sonraí sealadacha ó Met Éireann gur mí Iúil an mhí is fliche ar thaifead in Éirinn.
Dúirt Paul Moore, saneolaí le Met Éireann, gur thit ceithre oiread níos mó báisteach in Éirinn i mí Iúil i mbliana i gcomparáid leis an mhí chéanna anuraidh.
Dúirt sé go bhfuil aimsir chlaochlaitheach ar an bhealach le linn mí Lúnasa.
Rinneadh taifead ar an aimsir ar dtús i 1940.
Dúirt sé go raibh baisteach trasna na tíre ann le linn mí Iúil ar an chuid is mó.