Méadú ar líon na ndaoine atá ag iarriadh a bpeataí a thabhairt dó dhídean ainmhithe


Tá easpa spáis i gcuid mhór dídean ainmhithe ar fud fad na tíre
Deir Cumann Bhaile Átha Cliath um Fhóirithint ar Ainmhithe go bhfuil níos mó ná 900 duine ar a liosta feithimh lena gcuid peataí a chur faoina gcuram.
Tá tacaíocht bhreise á lorg acu dó dhídean ainmhithe chun géarchéim acmhainneachta a sheachaint.
Deir ceannaire Cumann Bhaile Átha Cliath um Fhóirithint ar Ainmhithe, Gillian Bird, go bhfuil seo ag tarlú de bharr roinnt fachtóirí, lena n-áirítear an méadú ar chostais mhaireachtála agus le déanaí an ghéarchéim tithíochta.
Dúirt sé le Morning Ireland go bhfuil níos mó ainmhithe nó bhí ariamh tógtha isteach acu agus nach bhfuil go leor spás acu dó na hainmhite uilig.
Dúirt sé go raibh an nós céanna amhlaidh i ngach dídean ainmhithe sa tír.
Ar a drochuair, a dúirt sé, tá níos lú daoine ag teacht isteach le hainmhí a thógáil uatha agus níos lú daoine ag teacht acu lena chéad pheata a fháil.