Maoiniú fógraigh a rachfás chun leasa do mhná de chuid an Lucht Siúil

placeholder image

Tá sé fógraigh ag an Aire Hildegarde Naughton, T.D. go bhfuil maoiniú á cheadú chun seirbhísí sláinte a chur ar fáil do mhná de chuid an Lucht Siúil atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean. 

Is iad na réigiúin sláinte san Iarthuaiscirt, i nGaillimh Ros Comáin, Maigh Eo agus cathair agus contae Bhaile Átha Claith a bheas an maoiniú ceadaithe. 

Is comhoibriú é an clár seo idir an Roinn Sláinte (RO), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus Iontaobhas Genio.

Dúirt an tAire Naughton: "Tá an-áthas orm sonraí a fhógairt faoi na tionscnaimh a chuirfidh cur chuige atá íogair ó thaobh cultúir de ar fáil chun seirbhísí cúraim sláinte do mhná an Lucht Siúil a fheabhsú.

Tá a fhios againn go bhfuil baol níos airde easpa dídine ag mná den lucht siúil ná mar atá ag an bpobal trí chéile, agus d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar a sláinte.

"Ligeann an maoiniú atá á leithdháileadh don tseirbhís sláinte aghaidh a thabhairt ar an gceist seo, ag soláthar raon idirghabhálacha saincheaptha atá oiriúnach ó thaobh cultúir de chun tacú le mná den Lucht Siúil atá gan dídean.

"Cuireann sé leis na gealltanais a gealladh sa Phlean Gníomhaíochta nua um Shláinte an Lucht Siúil agus beidh sé mar chuid d'fhorbairt múnla náisiúnta chun tacú le mná an Lucht Siúil."

Roghnaigh Coiste Deontas na tionscadail a raibh ionadaíocht acu ón Roinn Sláinte, ó Oifig Náisiúnta FSS um Chuimsiú Sóisialta, ó Genio agus ón Lucht Siúil.

Beidh ceachtanna ó chur i bhfeidhm na dtrí thionscadal mar bhonn eolais faoin mbealach is fearr chun tacú le riachtanais mhná an Lucht Siúil atá i mbaol easpa dídine go náisiúnta.

Dúirt Grainne Smith, Bainisteoir Cláir Genio: "Is léir ó chaighdeán na n-iarratas, go ndearnadh comhairliúcháin fhiúntach idir FSS, mná den lucht siúil a ndeachaigh easpa dídine agus eagraíochtaí den Lucht Siúil i bhfeidhm orthu.

"D'fhéadfadh an comhoibriú seo samhail náisiúnta a fhorbairt chun tacú le mná den Lucht Siúil atá i mbaol easpa dídine. Fáiltímid roimh an gcur chuige comhoibríoch ón Lucht Siúil, ón Roinn Oideachais agus ó FSS agus táimid ag tnúth le bheith ag obair le chéile sna 18 mí amach romhainn."

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice