Maoiniú fógartha do ghailearaithe áitiúla chun tacú leis an nGeilleagar Oíche

Músaem Hunt i gcathair Luimnighplaceholder image
Músaem Hunt i gcathair Luimnigh

TÁ SCÉIM phíolótach d’oícheanta déanacha sna músaeim ar mhaithe le tacú leis an nGeilleagar Oíche seolta ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. roimh Lá Idirnáisiúnta na Músaem.

Cuireann an ghné Tar Éis Am Dúnta leis an méid a foghlaimíodh ó Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche phíolótach na bliana anuraidh agus féachtar le tacú le músaeim agus gailearaithe beaga ar fud na tíre chun go mbeidh ar a gcumas a bheith oscailte níos déanaí, imeachtaí beo a sceidealú agus éagsúlacht a spreagadh sa chlár a chuireann siad ar fáil i mbailte agus sráidbhailte beaga ar fud na tíre.  

Is féidir le baill den Chlár um Chaighdeán Músaeim in Éirinn (MSPI) agus baill de Chumann Músaem na hÉireann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas le €10,000 chun imeachtaí déanach san oíche a reáchtáil i mbliana.

I measc roinnt imeachtaí is féidir a mhaoiniú tá ceol beo, DJ beo, damhsa (taibhithe nó rannpháirtíochta), taispeántais, léamha filíochta, seónna grinn, drámaíocht, scannán, podchraoltaí beo, scéalaíocht, ranganna agus tionscnaimh folláine.

Is féidir leis na hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir leas a bhaint as an maoiniú seo freisin chun cur leis an rath a bhí ar oscailtí agus imeachtaí níos déanaí na bliana anuraidh a raibh féile cheoil Haunted Dancehall an Cheolárais Náisiúnta, ar díoladh na ticéid ar fad ina leith, mar chuid de. 

Is éard a dúirt an tAire Martin ag seoladh na scéime i Músaem Beag Bhaile Átha Cliath, "beidh Lá Idirnáisiúnta na Músaem ar siúl an tseachain seo agus beimid ag déanamh ceiliúradh ar Mhúsaeim agus ar Ghailearaithe ar fud na tíre arb iad croí beo an chultúir iad inár bpobail.

"Is iontu seo a choimeádtar an stair atá againn, a léiríonn an fhéiniúlacht chultúir atá againn agus a chuireann spás ar fáil don chruthaitheacht a mbeidh glúnta amach anseo ábalta sásamh a bhaint aisti. Tá ról ríthábhachtach acu sna bailte agus sráidbhailte níos lú áit a dtacaíonn siad le comhráite oscailte, ina gcuirtear meabhairshláinte dhearfach chun cinn agus ina bhfuil fáilte roimh gach duine.

"Téann Geilleagar Oíche bisiúil chun tairbhe pobail agus ba mhaith liom ugach a thabhairt do mhúsaeim agus do ghailearaithe áitiúla féachaint ar na spásanna atá acu ó thaobh a bheith oscailte déanach san oíche. Féachtar leis an tacaíocht a fógraíodh inniu fáilte a chur roimh lucht spéise nua trí réimse de chláreagrú agus gníomhaíochtaí nuálacha. Cuirfidh sin beocht sna tráthnónta níos faide do phobail agus do thurasóirí araon."

Ba é aidhm Thuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche (GO), a foilsíodh i Meán Fómhair 2021, earnáil Geilleagair Oíche níos iléagsúla a chruthú don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon.  

Tá ról tábhachtach ag institiúidí cultúir, músaeim agus gailearaithe áitiúla na hÉireann sa mhéid sin, trí fhanacht oscailte níos déanaí sna tráthnónta, agus trí bhonneagar a chur ar fáil chun spás/áiseanna a sholáthar do chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí oíche.  Is féidir cur leis na deiseanna trí chomhoibriú idir institiúidí agus comhpháirtithe níos éagsúla. 

Faoi Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche na bliana anuraidh, cuireadh tacaíocht ar fáil don ghníomhaíocht chultúir i dtithe tábhairne, i gclubanna oíche, i gcaiféanna agus in áitribh cheadúnaithe agus neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile i rith uaireanta seachbhuaice.  

Beidh an glao ar mhaoiniú seo dírithe ar mhúsaeim agus ar ghailearaithe agus á thairiscint do na músaeim sin atá ina mbaill de Chumann Músaem na hÉireann agus do mhúsaeim atá ina mbaill den Chlár um Chaighdeáin Músaeim in Éirinn.  D'fhéadfadh breis is 80 músaem agus gailearaí i sráidbhailte agus i mbailte ar fud na tíre a bheith i gceist leis sin.

Forbraíodh an scéim i gcomhar le Cumann Músaem na hÉireann, an Chomhairle Oidhreachta agus Fáilte Ireland. Cuirfear tacaíocht ar fáil trí íocaíocht deontais suas le €10,000 an músaem agus beidh riachtanas orthu a bheith oscailte níos déanaí/imeachtaí a chur ar fáil go dtí 9pm ar a laghad 4 oíche sa tseachtain ar a laghad. D’fhéadfaí maoiniú breise a bhreithniú má bhíonn clár níos uaillmhianaí d’oscailtí beartaithe agus sa chás go mbeadh maoiniú ar fáil.

Chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú ar fáil anuraidh i dtaobh oscailtí níos déanaí sna hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir. Táthar ag súil go neartóidh an maoiniú seo an rath a bhí ar an scéim phíolótach anuraidh, agus go gcuirfidh sé leis, rud a chuirfidh eolas níos fearr ar fáil do na hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir maidir leis na himeachtaí is féidir a choinneáil ar bun san fhadtéarma i dtaobh imeachtaí a reáchtáil san oíche amach anseo. 

Is éard a dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, "tá an Chomhairle Oidhreachta tugtha do a chinntiú go bhfuil oidhreacht s’againne, ina cuid foirmeacha go léir, chomh hinrochtana agus is féidir ag an méid daoine agus is féidir.

"Trí thacú le himeachtaí déanach san oíche inár músaeim agus gailearaithe, is cinnte go méadóidh an scéim phíolótach seo an teacht atá ag lucht spéise nua ar ár gcultúr oidhreachta, ach éascóidh sé freisin cruthú saothair nua agus spéisiúla."

Chun a thuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo do na treoirlínte agus foirm iarratais.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice