Maoiniú fógartha chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain


Tá suim airgid ar an mbealach chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain.
Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, go mbeidh níos mó ná €885,000 i maoiniú á chur ar fáil chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Chultúr Éireann.
Rachaidh an maoiniú chun tairbhe 105 tionscadal ar fud 32 contae lena gclúdaítear sorcas, damhsa, scannáin, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona.
Is éard a dúirt an tAire Martin agus na deontais á bhfógairt aici, "is mór an pléisiúr dom an babhta seo de mhaoiniú Chultúr Éireann a fhógairt a thacóidh le healaíontóirí as Éirinn de réir mar a leanann siad orthu ag cruthú lucht spéise ar fud an domhain.
Leis na tionscadail seo cuirfear an chruthaitheacht éagsúil shaibhir ar leith a bhaineann le healaíona na hÉireann i láthair ar fud an domhain agus déanfar caidreamh cultúir luachmhar ag an am céanna."
Ar na tionscadail a bheidh ann, tá tacaíochtaí camchuairte d’ealaíontóirí ar nós Clare Sands, Susan O’Neill, The Jeremiahs, JigJam, Lore, Screaming Orphans agus Boxing Banjo a bheidh ar camchuairt ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Cheanada.
Anuas ar sin, tá tacaíochtaí do chamchuairteanna san Eoraip d’ealaíontóirí ceoil as Éirinn lena n-áirítear The Rapparees, Just Mustard, Gráinne Hunt agus Hilary Woods; camchuairt Arán agus Im ar chósta thiar thuaisceart Mheiriceá cruthaithe agus curtha ar an stáitse ag Manchán Mangan; agus ealaíontóirí as Éirinn ag glacadh páirt i leagan 2023 de Intercity Festival i bhFlórans san Iodáil.
Le níos mó fós san áireamh, is féidir teacht ar liosta iomlán na ndaoine a bheidh ag fáil deontais an babhta seo anseo.