Maistir rang leis an scríbhneoir Darach Mac Con Iomaire

placeholder image

Óstálfaidh TG4 dhá mháistir-rang an Bealtaine seo a bheas á gcur i láthair ag an déantóir clár faisnéise Aodh Ó Coileáin, atá duaiseanna buaite aige.

Ina theannta, beidh an scríbhneoir, stiúrthóir agus léiritheoir Darach Mac Con Iomaire a chuirfidh a mháistir-rang scríbhneoireachta ar fáil i mol gteic digiteach agus nuálaíochta i nGaoth Dobhair Bealtaine 4 ag 11am.  

I measc na dtograí ealaíne atá léirithe aige do Stiúideo Cuan, tá an tsraith raidió Cuan an Cheoil le Liam Ó Maonlaí, na coimisiúin nua cheoil An Cosán Draíochta le Johnny Óg Connolly agus Cosán na Naomh le Máire Breatnach. Tá sé ag forbairt mór-shraith nua dhrámaíochta do RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi láthair – Jó Johnny Joe a chraolfar i bhFómhar 2023.

I measc na ndrámaí atá scríofa, stiúrtha agus léirithe aige d’Amharclann na Mainistreach, tá; Baoite (2018) agus End Meeting (2020).

Bronnadh gradaim IFTA ar an tsraith dhrámaíochta theilifíse a scríobh sé do TG4, Corp + Anam mar aon le príomhghradam ‘Spiorad na Féile’ agus an gradam ‘Dráma is Fearr’ ag Féile na Meán Ceilteach 2012. Bronnadh gradam 'Sraith Theilifíse na Bliana’ ar Corp + Anam ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2012 agus arís in 2015.

Ainmníodh dhá dhráma a léirigh sé, Cré na Cille & An Béal Bocht, do na gradaim Irish Times Theatre Awards in 2002 agus in 2004. Bronnadh Gradam BBC/Stewart Parker air in 2005 agus bhronn Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann Gradam Fhoras na Gaeilge air in 2015. Bronnadh Bonn Óir Ghradaim Náisiúnta IMRO 2020 ar dhráma raidió dá chuid -  Leaba an Bháis, a scríobh agus a stiúir sé do RTÉ Radio 1. Fuair Leaba an Bháis ainmniúchán sa rannóg idirnáisiúnta ag na BBC Drama Awards 2020.

Pléifidh Rachel Moriarty a bhfuil scannáin agus cláir faisnéise déanta aici do TG4, RTÉ agus BBC an ealaín a bhaineann le déanamh scannán sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, i gCathair na Gaillimhe ar an 18 Bealtaine 2023.  

Chun clárú do mháistir-rang, seol d’ainm, ainm an mháistir-ranga ar mhaith leat freastal air agus do chuid sonraí teagmhála ar ríomhphost chuig:[email protected]

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice