Lúthchleasaí parailimpeach, Oscar Pistorius, scaoilte saor ón bpríosún

placeholder image

Táthar ag tuairisc go bhfuil an t-iar lúthchleasaí Parailimpeach Oscar Pistorius saortha ón bpríosún, ar pharúil.

Ciontaíodh Pistorius as Reeva Steenkamp a scaoileadh ina dteach conaí i bPretoria, i 2013. Bhí go leor conspóid faoin scéal ag an am.

Dúirt Pistorius gur shíl seisan go raibh sé ag scaoileadh duine a bhí ag iarraidh briseach isteach ina theach agus gur scaoil sé urchair tré eagla. 

Ciontaíodh é, áfach, as an éacht agus gearradh téarma príosúin air. 

Beidh coinníollacha áirithe le comhlíonadh aige ina measc súid tá bac ar labhairt le na meáin nó alcohól a ól. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice