Líon ard daoine gan lóistín i rith mí na Samhna

placeholder image

Léirigh figuirí on Roinn Tithíochta go raibh 13,514 duine gan dídean i mí na Samhna anuraidh.

Ba é líon na bpáistí a fuair lóistín éigeandála i mí na Samhna ná 4,105.

Anuas ar líon na ndaoine i lóistín éigeandála, bhí 118 duine ina gcodladh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn an gheimhreadh - méadú 30% ar an bhliain roimhe sin.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhphobal Simon na hÉireann, Wayne Stanley go gcaithfear na figiúirí a eisíodh inniu a chur i gcomhthéacs agus go bhfuil na daoine atá i lóistín éigeandála ag fulaingt de bharr tráma a d'fhéadfadh a sheachaint.

Dúirt sé gur an rud atá de dhith ar na daoine seo nó bailte agus go raibh Rialtais go minic ag brath ar an mhórchúid ar cios agus ar tithí príobháideacha. 

Dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin TD, gur fianaise é leibhéil mhéadaithe na heaspa dídine go bhfuil ag teip ar phlean tithíochta an Rialtais.

 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice