Cá háit a dtéann Éireannaigh ar laethanta saoire

Some parents are still paying for their adult children's holidays.placeholder image
Some parents are still paying for their adult children's holidays.

An Spáinn, an Phortaingéil, na hoileáin Bhailéaracha agus go leor eile.......

Tá dúil ag go leor daoine imeacht leo ar laethanta saoire agus am a chaitheamh faoin ghrian agus bia breá blásta a íthe tráthnóna. Níl móran áiteanna nach dtéann muid agus tá lorg ár gcos le feiceáil ón Ioslainn go dtí an Ghraonlainn. 

Ach sí an cheist, cén áit is mó a théann muid ar saoire agus cad chuighe?

De réir poll a ndéarna meanwhileinireland.com is é an Spáinn an tir ab ansa linn dhul ar chuairt ann nuair atá deis againn dhul ar laethanta saoire.

Tá an Spáinn measartha congarach duinn agus ar an mhórchuid tá sé saor. Tagann na hoileáin Chanáracha sa dara háit agus na hoileáin Bhailéaracha sa tríú háit. 

De réir an tsuirbhé, tagann an Phortaingéil sa cheathrú áit de bharr go bhfuil tránna deasa ann agus scoth an bhia. Tagann Turcaí sa chúigiú háit agus go leor daoine ag taisteál ann le obair fiaclóireachta agus eile a fháil déanta ann. 

Mar Éireannaigh tá mealltacht na noileáin ionainn go tiubh agus tá go leor againn ag tabhairt aghaidh ar an Ghréig, áít álainn ársa, le go leor le feiceáil agus le déanamh ann.

Téann go leor daoine go Dubai, chun na hIodáile, na Fraine agus go Meiriceá chomh maith. 

 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice