An Ghaeilge á cheilúradh i gcomhar leis an Leinster Leader agus Cill Dara le Gaeilge

Tá scéim gnó Chill Dara le Gaeilge oscailte do gach sórt gnó
Bunaíodh Gnó Chill Dara in 2022 chun tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí sa chontae ar mian leo a ngnó a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge.
Tá scéim gnó Chill Dara le Gaeilge oscailte do gach sórt gnó; ní gá don ghnó seirbhís iomlán i nGaeilge a chur ar fáil – cuirtear gach tacaíocht ar fáil do ghnóthaí nach bhfuil ach cúpla focal acu chomh maith.
Cuirtear pacáiste tacaíochta ar fáil do gach gnó a chláraíonn don scéim, agus tugtar an deis dóibh freastal ar ranganna Gaeilge ar lascaine. Is scéim uilechuimistheach é Gnó Chill Dara agus tá fáilte roimh aon ghnó atá toilteanach an Ghaeilge atá acu a úsáid páirt a ghlacadh sa scéim seo.
BUNTÁISTÍ NA SCÉIME
Creideann Cill Dara le Gaeilge gur féidir le húsáid na Gaeilge buntáistí, breisiúlacht agus deiseanna forbartha a thabhairt d’iomaí cineál gnó ar dhóigheanna éagsúla: branda an ghnó a chur chun cinn, poiblíocht atá éagsúil a dhéanamh, taithí an chustaiméara a fheabhsú agus dílseacht custaiméirí a threisiú. Is deis den scoth í an scéim seo do ghnóthaí forbairt a dhéanamh ar a ngnó agus nasc a chruthú leis an méid an-suntasach daoine a úsáideann an Ghaeilge go rialta nó a bhfuil spéis acu sa teanga.
NA GNÓTHAÍ ATÁ SA SCÉIM
Tá an-áthas orainn gur chláraigh seacht ngnó i gceantar Nás na Ríogh agus na Sollán linn ó cuireadh tús leis an scéim seo. Seo iad na gnóthaí a chláraigh don scéim i mbliana: Dúlra Chill Dara, Aroma Mocha, AllType Ltd, Helen Doyle Therapy, Café Grange, StudyBase.com
agus Barge Trip (féach www.cilldaralegaeilge.ie/eolaire-3/).
Táimid ag súil le tuilleadh gnóthaí ón gceantar a bheith linn in 2023, agus leis an scéim a leathnú amach go dtí an chuid eile den chontae. Má tá suim agat do ghnó a chlárú leis an scéim, nó tuilleadh eolais a fháil féach www.cilldaralegaeilge.ie
/gno-chill-dara.
GRADAM GHLÓR NA nGAEL
Is ann do scéim náisiúnta freisin a thugann aitheantas do ghnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge mar chuid den ghnó nó a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil, is é sin Gradam Gnó
Ghlór na nGael. Tugann Cill Dara le Gaeilge tacaíocht do ghnólachtaí i gCill Dara bogadh ar aghaidh chuig an scéim sin: www.glornangael.ie/gno/.