Leithdháiltear €290m ar bhonneagar siúil agus rothaíochta

An tAire Stáit Jack Chambers,  Anne Graham (Údarás Náisiúnta Iompair),  An tAire Iompar Eamon Ryan,placeholder image
An tAire Stáit Jack Chambers, Anne Graham (Údarás Náisiúnta Iompair), An tAire Iompar Eamon Ryan,

Tá sé deimhnithe ag an tAire Iompair Eamon Ryan go bhfuil cistí de bhreis is ceathrú milliún euro leithdháilte ag an Údarás Náisiúnta Iompair ar bhonneagar siúlóide agus rothaíochta i mbliana.

Rachaidh €290m i dtreo lánaí rothar scoite a fhorbairt agus cosáin leathnaithe, droichid nua siúil agus rothaíochta, agus trasrianta nua do choisithe.

Tugadh le fios inniu go maoineoidh an infheistíocht náisiúnta seo thart ar 1,200 tionscadal Taisteal Gníomhach, rud a chuirfidh le forbairt beagnach 1,000 km de bhonneagar nua siúlóide agus rothaíochta ar fud na tíre faoi 2025.

Ar an iomlán, ceadóidh leithdháileadh ciste 2023 do Thaisteal Gníomhach dul chun cinn 387 tionscadal i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, 250 thar chathracha réigiúnacha eile agus 502 tionscadal breise ar fud na tuaithe.

Maidir leis an leithdháileadh seo, dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan: “Is minic a cheapann daoine gur áiseanna turasóireachta go príomha iad na Glasbhealaí, rotharbhealaí nó cosáin. Ar ndóigh, déanann siad freastal go han-mhaith ar an gcuspóir sin, ach ar an gcéad dul síos baineann siad le daoine áitiúla agus le feabhas a chur ar an saol áitiúil, ag nascadh na bruachbhailte, sráidbhailte áitiúla nó bailte fearainn nach bhfuil aon bhaint acu le chéile go minic mar gheall ar bhóithre gnóthacha dainséaracha.”

Agus é ag plé na mbuntáistí, dúirt sé: “Ní hamháin go bhfuilimid ag déanamh ár gcathracha, ár mbailte agus sráidbhailte níos glaise, táimid ag cabhrú freisin le hastuithe carbóin na hÉireann a laghdú.”

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers: “Tá áthas orm a dhearbhú go leithdháilfear cuid den mhaoiniú seo ar an gClár Bealaí Sábháilte chun na Scoile. Bainfidh breis agus 37,000 dalta ar fud na hÉireann leas as infrastruchtúr níos sábháilte agus spreagfaidh sé iad chun rothaíocht agus siúl ar scoil.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice