Léiríonn sraith nua DIY do dhaoine conas rudaí bunúsacha a dhéanamh timpeall a dteach


Craolfar Déan Tú Féin É thar sé seachtaine ag tosú Déardaoin an 25 Aibreán ag 8in ar TG4
Teastaíonn uainn go léir a bheith níos fearr ag na tionscadail Déan Tú Féin É agus d’fhéadfaí a rá fiú gur rud é a bhfuil muintir na tíre seo thar a bheith tógtha leis.
Is é Marc Mac Lochlainn, bunaitheoir agus stiúrthóir cruthaitheach an chompántais amharclannaíochta Branar, príomhláithreoir an chláir, a bhfuil sé mar aidhm aige dearcadh “is féidir liom” an lucht féachana a chothú.
Tá suim thar na bearta ag Marc san obair chruthaitheach agus beidh neart comhairle agus nod aige dúinn.
Spreagfaidh a chur chuige praiticiúil agus a dhíograis, seisear rannpháirtithe Déan Tú Féin É, tabhairt faoi thionscadail agus tograí a bhí fágtha ar an méar fhada le fada acu.
Bíodh sé mór nó beag, ó gheata díoscánach, balla curadóireachta, athchóiriú ar bhleánlann agus gairdín céadfaí, ní dhéanfar neamhaird de thionscadal ar bith agus tabharfaidh Marc lámh chúnta dóibh a mian-tionscadal a thabhairt chun fíre.
Roinnfidh sé a shaineolas go flaithiúil leis na rannpháirtithe chun go mbeidh siad in ann a gcuid scileanna Déan Tú Féin É a shealbhú nó a thabhairt chun cinn fiú. Beidh an dul chun cinn atá déanta acu agus an feabhas atá tagtha ar a gcuid scileanna le feiceáil i ngach clár agus athchuairt á tabhairt ar na tionscadail.
Sa chéad chlár a chraolfar ar an 25 Aibreán, tiocfaidh an láithreoir Marc Mac Lochlainn i gcabhair ar Bhríd Nic Risteard agus Harry, lánúin óg i Maigh Rua i gCo Luimnigh.
Ba mhaith leo ceardlann a dhéanamh de sheanbhleánlann athair Bhríd. Tá áit stórála agus spás oibre ag teastáil ón mbeirt stuama seo chun go mbeidh siad in ann tabhairt faoi jabanna Déan Tú Féin É amach anseo.
Craolfar Déan Tú Féin É thar sé seachtaine ag tosú Déardaoin an 25 Aibreán ag 8in ar TG4 agus ar Seinnteoir TG4.