Leiríonn Marcas Mac Ruairí buaireamh fá chiorruithe ó thuaidh

Mixing with plenty of other children, the start of school is a likely time for the little ones to pick something up picture: pixabayplaceholder image
Mixing with plenty of other children, the start of school is a likely time for the little ones to pick something up picture: pixabay

“Gortóidh an cinneadh míchiallmhar seo teaghlaigh, déanfaidh sé dochar do na roghanna atá ag tuismitheoirí d’oideachas a bpáistí"

Tá Glór na nGael ag iarraidh ar Roinn an Oideachais sna Sé Chontae athmhachnamh a dhéanamh ar an chinneadh ciorruithe a chur i bhfeidhm ar Altram.

Is í Altram an t-aon eagraíocht tacaíochta agus comhairleach ó thuaidh d'earnáil oideachais luathbhlianta na Gaeilge. Dúirt Bainisteoir Forbairt Teaghlaigh le Glór na nGael, Marcas Mac Ruairí go bhfuil ciorrú le cur i bhfeidhm ar a mhaoiniú ó £175,000 go £100,000 nó 43% dá bhuiséad atá ró-shínte cheana féin. 

Ag cáineadh cinneadh Roinn an Oideachais, dúirt Marcas Mac Ruairí: “Gortóidh an cinneadh míchiallmhar seo teaghlaigh, déanfaidh sé dochar do na roghanna atá ag tuismitheoirí d’oideachas a bpáistí agus déanfaidh sé dochar don soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge.

“Is bunchlocha iad na suíomhanna réamhscoile agus luathbhlianta don chóras Gaelscolaíochta ó thuaidh. Ní bheidh ach tionchar diúltach ag an chinneadh seo ar na suíomhanna réamhscoile lán-Ghaeilge, tionchar diúltach ar thacaíocht ó speisialtóirí, ar tháirgeadh acmhainní agus ar oiliúint do chleachtóirí. Ag teacht sa mhullach ar bhagairt deireadh a chur le maoiniú do na naíscoileanna féin, déanfar damáiste ar chaighdeán foriomlán an eispéiris oideachais ar leanaí réamhscoile agus ag aois bhunchéime." 

Mhaigh sé go bhfuil go leor de na naíscoileanna anois i mbaol a ndruidte agus go mbeidh drochthionchar ag na ciorruithe ar chumas na dtuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a roghnú mar a rogha is fearr agus sa deireadh thiocfadh le líon na leanaí a chláraíonn i suíomhanna lán-Ghaeilge titim.

“Iarrann Glór na nGael ar Roinn an Oideachas TÉ an cinneadh seo a aisghairm agus an maoiniú a chur in áit arís" ar sé.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice