Leathanbhanda Náisiúnta ar fáil ag níos mó daoine i nGaeltacht na Gaillimhe

placeholder image

Beidh tuilleadh obair ar bun roimh dheireadh na bliana

Tá líonra Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann ar fáil anois do bhreis agus 1,000 áit i nGaeltacht na Gaillimhe agus cuirfidh sé ar a laghad 500 meigighiotán in aghaidh an tsoicind ar fáil do thithe, gnólachtaí, feirmeacha agus scoileanna.

Is é seo an infheistíocht is mó atá déanta i gceantair thuaithe na hÉireann ó leictriú na tuaithe agus cuirfidh an Rialtas €153 milliún d'infheistíocht ar fáil do Chontae na Gaillimhe faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda faoina gcuirfidh Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann rochtain ar leathanbhanda iontaofa ardluais ar fáil do 40,000 áitreabh i nGaillimh sa deireadh.

Is é Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann (NBI) an comhlacht atá ag cur an líonra nua ardluais cábla snáthoptaice ar fáil faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda (PNL) thar cheann an Rialtais. 

Tá 1,066 áit i gceist i gceantar NBI Leitir Mór. Tá Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann ag iarraidh ar dhaoine atá ina gcónaí gar do Leitir Móir agus do Gharmna dul go dtí nbi.ie/map/ agus a nÉirchód a chur isteach chun go bhfaighidh siad amach cén chaoi ar féidir leo ceangal a dhéanamh.

Tá an obair curtha i gcrích cheana féin in áiteanna eile i nGaillimh agus is féidir le 17,806 áitreabh leathanbhanda ardluais iontaofa a réamhordú nó a ordú ar fud an chontae cheana féin. 5,716 ceangal atá déanta go dtí seo.

Dúirt Peter Hendrick, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann: "Tá lúcháir orainn a fhógairt gur féidir le háitribh i nGaillimh sna ceantair Ghaeltachta gar do Leitir Móir agus Garmna seirbhísí leathanbhanda ardluais a ordú anois trí líonra Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann. Cuirfidh sé seo ar chumas úsáideoirí taithí a fháil ar na tairbhí ollmhóra a bhaineann le leathanbhanda ardluais.

"Faoi láthair, is féidir le breis agus 17,800 teach, gnó agus feirm i gContae na Gaillimhe leathanbhanda snáithín ardluais a ordú chun ceangal leis an Líonra Leathanbhanda Náisiúnta. Áirítear leis seo beagnach 2,600 áitreabh i mBaile Átha an Rí, os cionn 1,100 in Indreabhán, os cionn 2,500 ar an nGort, beagnach 2,500 i mBaile Locha Riach, os cionn 1,500 i nGoirtín agus os cionn 3,700 sna ceantair thuaithe thart ar chathair na Gaillimhe.

"Táimid ag súil le ceangal a chur ar fáil do 3,800 áitreabh eile sna ceantair ina bhfuil muid ag obair i nDún Doighre agus i gCill Choirín de réir a chéile amach sa mbliain agus iarrann muid ar chónaitheoirí sna ceantair sin clárú don eolas is déanaí ó NBI." 

Tá NBI ag moladh do dhaoine a n-incháilitheacht a sheiceáil agus clárú chun an t-eolas is déanaí a fháil ar www.nbi.ie chun go bhfaighidh siad fógraí rialta maidir lena n-áitreabh féin de réir mar a bhíonn an obair ag dul ar aghaidh ina gceantar féin.  

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice