Leabhar fá sheanachaí Rann na Feirste a sheoladh

Beidh an leabhar úr - Niall Mhícheáil - Seanachaí as Rann na Feirste le Pádraig Uí Bhaoill agus Mícheál Ó Domhnaill - ar fáil amach anseo
Seolfar leabhar úr de chuid Phádraig Uí Bhaoill an tseachtain chugainn san Áislann. Beidh an seoladh ar siúl Deardaoin, Lúnasa 3 ag a 8pm.
Sé Donnchadh Ó Baoill a dhéanfas an leabhar Niall Mhícheáil - Seanachaí as Rann na Feirste le Pádraig Uí Bhaoill agus Mícheál Ó Domhnaill - a sheoladh.
Tá fearadh na fáilte roimh achan duine chuig an ócáid speisialta seo.