Search

06 Sep 2025

Duaiseanna liteartha bronnta ag Oireachtas na Gaeilge

Tá tús ceart curtha le Oireachtas na Gaeilge

Duaiseanna liteartha bronnta ag Oireachtas na Gaeilge

Sheol Uachtarán an Oireachtais, an Dr. Gearóid Denvir Príomhfhéile Náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna 2023 in Óstán Brehon, Cill Airne, Co. Chiarraí ar na mallaibh.

Leanfaidh an fhéile ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn. Tá clár spleodrach ildánach le cur os chomhair phobal na Gaeilge agus Gaeltachta i mbliana le go leor imeachtaí faoi lán seoil. 
 

Rinne An tOireachtas ceiliúradh ar shaothair nuascríofa Gaeilge agus bhronn Uachtarán an Oireachtais duaiseanna ar bhuaiteoirí Chomórtas Liteartha 2023, sraith comórtais a shíneann siar chomh fada le 1897 nuair a chéadbunaíodh An tOireachtas.
 
Bronnadh 37 duais ar fad, duaischiste iomlán de €30,000. I measc na nduaiseoirí móra bhí Colm Ó Ceallacháin ar bronnadh Buaicshaothar próis na bliana, urraithe ag TG4 agus €3,000 chomh maith leis an gcéad duais sa chomórtas úrscéal liteartha agus €3,000 air dá shaothar sarmholta, Fiche.

Is iad Páid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin a bhuaigh an duais don úrscéal do dhaoine óga, €2,000 dá saothar, ‘Nois Tá’s Agam agus Antain Mac Lochlainn a bhuaigh an duais €2,000 don Éanna Corr. 
 
“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na scríbhneoirí ar fad ar bronnadh duaiseanna liteartha orthu”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Is léiriú é caighdeán na saothar ar an mborradh atá faoin scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge i measc an uile aoisghrúpa.”

I measc na mórócáidí eile a bhí ar siúl bhí Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023 san INEC, Cill Airne, Co. Chiarraí. D'éirigh le Colm Mac Giolla Easbuic réalt óg na bliana a bhaint.  

Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie nó ar aip na féile ón Appstore nó Google Playstore.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.