Leabhair do pháistí saor in aisce réidh le bailiú i leabharlanna ar fud na tíre

placeholder image

TÁ SCÉALTA agus cártaí leabharlainne saor in aisce do leanaí á rolladh amach mar chuid de thionscnamh nua rialtais.

Beidh gach leanbh ceithre bliana d’aois agus níos óige in ann dul chuig a leabharlann áitiúil le tuismitheoir chun leabhar scéalta agus sparán cárta leabharlainne in aisce a bhailiú ó 6 Deireadh Fómhair.

Tá 190,000 leabhar scéalta am codlata saor in aisce i mBéarla agus i nGaeilge ar fáil do thuismitheoirí agus dá bpáistí le bailiú i leabharlanna áitiúla ar fud na tíre.

Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige, Roderic O’ Gorman, agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys an tionscnamh First 5 Little Book at Leaba.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice