Labhraíonn Conor Torbóid le Fionnuala Ní Mhealláin i Scríbhneoirí an tSléibhe

The new pairing had fun on their first live showplaceholder image
The new pairing had fun on their first live show

Is scríbhneoir páirt-aimseartha í Fionnuala agus taitníonn scríobh na filíochta agus na gearrscéalta léi

Déanfar iniúchadh sa tsraith faisnéise, Scríbhneoirí an tSléibhe le Conor Torbóid, ar shochaí iar-choimhlinte an Tuaiscirt, trí thaithí agus scríbhinní cruthaitheacha an ghrúpa Scríbhneoirí an tSléibhe, meitheal scríbhneoirí i mBéal Feirste a bunaíodh mar thacaíocht do mhuintir na háite.  

San chéad eagrán eile, labhrann Conor le Fionnuala Ní Mhealláin, múinteoir bunscoile atá ag obair in earnáil na gaelscolaíochta le breis agus fiche bliain anuas.  

Tá spéis ar leith aici sna healaíona, go háirithe sa drámaíocht agus sa cheol.  

Tógadh le Gaeilge í i mBéal Feirste agus bhí cuid dá teaghlach lárnach i mbunadh an chéad Gaeltacht Uirbeach sa tír ar Bhóthar Seoighe in Iarthar Bhéal Feirste.

Is scríbhneoir páirt-aimseartha í Fionnuala agus taitníonn scríobh na filíochta agus na gearrscéalta léi.  

Seo léiriú de chuid Corcra Media do BBC Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann. 

Beidh an clár Dé Céadaoine, Meán Fómhair 6 ar 1.30pm.  

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice