Lá Náisiúnta Prátaí Bhord Bia ar na bacáin i nDeireadh Fómhair


Táthar ag iarraidh ar dhaoine prátaí a ullmhú i ndóigheanna éagsúla
Beidh Lá Náisiúnta Prátaí Bhord Bia 2023 ar siúl Dé hAoine, Deireadh Fómhair 6, i mbliana.
Seo an lá á dhéantar ceiliúradh ar an ghlasra is fearr le muintir na hÉireann, an práta blasta.
D’fheachtas #NationalPotatoDay na bliana seo, tá Bord Bia ag ag iarraidh ar dhaoine a bheith cruthaitheach lena gcuid prátaí.
Is féidir go leor a dhéanamh leis na glasraí seo agus tá siad furast go leor le hullmhú. Is féidir le túsáite a bheith ag prátaí i mbéile cé acu bhfuil siad ullmhaithe go traidisiúnta nó bhealaí nua-aimseartha.
Tá prátaí saor ó ghlútan, saor ó shaill agus tá neart cothú iontu. Tá go leor le gnódh as do phráta ag am dinneára.