Jim McGuinness le filleadh arís mar bhainisteoir ar fhoireann an chontae


Tá iarbhainisteoir fhoireann peile Dhún na nGall, Jim McGuinness, as na Gleannta ó dhúchais, le filleadh arís mar bhainisteoir ar fhoireann an chontae.
Sé Jim McGuinness a bhí ina bhainisteoir ar an chontae nuair a bhain siad Craobh na hÉireann i 2012 agus nuair a bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach i 2014.
Dúradh gur léirigh naonúr suim sa phost atá folamh ó d'fhág Aidan O’Rourke, fear a tháinig i gcomharbacht ar Phaddy Carr, a d’éirigh as i ndiaidh cúig mhí.