Is i lár Eanair a bheas an líon is airde daoine tinn leis an bhfliú


Is i lár mhí Eanair a bheas an líon is mó daoine tinn leis an bhfliú, dar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Rinne oifigigh FSS an tuar seo ag cruinniú víris geimhridh. Dúradh go bhfuil an leagan úr JN.1 Covid coitianta in Éirinn.
Dúradh go raibh fliú ar 10,000 duine ó bhí lár an mí seo caite ann.
Cé go bhfuil líon an RSV ag titim tá siad ard go maith agus moltar do dhaoine a bheith curamach i dtaca leis.