Is beag atá ar eolas ag daoine faoi na Reifrinn a bheas ann gan mhoill
D’admhaigh 53% nach raibh mórán eolais acu faoi na hathruithe i bpobalbhreith atá déanta ag an Irish Times agus IpsosB&A
Deir tromlach na vótóirí nach bhfuil a fhios acu caide atá i gceist leis na hathruithe
bunreachtúla atá sna reifrinn atá ar na bacáin.
D’admhaigh 53% nach raibh mórán eolais acu faoi na hathruithe i bpobalbhreith atá déanta ag
an Irish Times agus IpsosB&A.
Dúirt 8% acu seo a cuireadh ceist orthu go raibh siad ar a socúl leis an méid eolais atá acu
faoi na hathruithe agus dúirt 36% go raibh beagán ar eolais acu fúthú.
D'admhaigh 5% nach mbeadh siad ag caitheamh vóta sna Reifrinn.
Léiritear chomh maith sa phobalbhreith go raibh 50% de dhaoine ar mhaithe le aontú leis an dá
Reifrinn agus tá 15% in aghaidh na Reifrinn.