Is aíonna iad daltaí scoile ag ócáid Sheachtain na Gaeilge i Halla na Cathrach, Béal Feirste

placeholder image

Is iad na scoileanna a bhí i láthair ná Scoil na Fuiseoige, Scoil an Droichid, Gaelscoil Éanna, Bunscoil Bheann Mhadagáin, Coláiste Naomh Maolmhaodhóg agus Scoil Ghramadaí Naomh Doiminic

Bhí breis agus 100 dalta scoile i Halla na Cathrach, Béal Feirste mar chuid de Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl ón 1 Márta go dtí an 17 Márta, inné.

Reáchtáil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an ócáid mar chuid dá straitéis teanga le machnamh agus ceiliúradh a dhéanamh ar nádúr ilghnéitheach na cathrach agus ar theangacha agus cultúir éagsúla na cathrach.

Bhain na scoileanna sult as ceardlanna amhránaíochta agus scéalaíochta Gaeilge leis na ceoltóirí, Cormac 'Buzz' Ó Briain agus Aodhán Mac Sheafraidh.

Is iad na scoileanna a bhí i láthair ná Scoil na Fuiseoige, Scoil an Droichid, Gaelscoil Éanna, Bunscoil Bheann Mhadagáin, Coláiste Naomh Maolmhaodhóg agus Scoil Ghramadaí Naomh Doiminic.

Dúirt an tArdmhéara, an Comhairleoir Ryan Murphy, a chuir tús leis an ócáid: "Tá lúcháir orm a bheith ag an ócáid speisialta seo le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge.

"Imríonn an Ghaeilge tionchar ar achan phobal sa chathair agus is cuid shuntasach í de stair shaibhir chomhroinnte Bhéal Feirste.

"Is iontach an rud é an oiread sin daltaí scoile a fheiceáil anseo inniu, daltaí a bhfuil an Ghaeilge acu agus atá ag iarraidh a chinntiú go dtiocfaidh forbairt uirthi agus go mbeidh sí mar chuid den phobal.

"Is iad na daoine óga seo a bhfuil tuairimí bríomhara agus dearfacha acu a leanfaidh ar aghaidh ag láidriú agus ag cur chun cinn na héagsúlachta teanga inár gcathair.  Is deis iontach í an ócáid seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar achan rud atá iontach faoin Ghaeilge.

"Mar chomhairle, tá muid suite de go mbeidh Béal Feirste níos cuimsithí mar chathair, mar atá leagtha amach i bplean pobail na cathrach, Clár Oibre Bhéal Feirste, agus tá muid ag déanamh beart de réir a bhriathair maidir le comhionannas agus éagsúlacht teanga a bheith chun tosaigh."

Tá an ócáid i Halla na Cathrach mar chuid de chlár imeachtaí Lá Fhéile Pádraig na Comhairle do Bhéal Feirste.

Bhí Spraoi Cois Lao – lá spraoi Gaeilge – ar siúl i gCearnóg Theach an Chustaim an deireadh seachtaine seo caite a d'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Feile an Phobail.  Bhí ceoltóirí, damhsóirí, gníomhaíochtaí, cluichí, bia agus siamsaíocht ann le ceiliúradh a dhéanamh ar an Ghaeilge ag an ócáid.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice